Psailm 51 BEDELL

An ceathramhadh psalm aithrighe.

Don phrímhfhear ceóil, Psalm Dháibhi, a nuáir tháinic Nátan an fáidh chuige, tar éis é do dhul go Bat-sébah.

1 Deuna trócaire orum, a Dhé, do réir do thrócaire móire: do réir ro iomaid do thruáighe scrios amach maindlighthe.

2 Nigh mé ó mo chiontaibh go hiomlán, agus glan mé ó mo pheacaidh.

3 Oír admhuighim mo chionta: agus atá mo pheacadh ós mo choinne a ccomhnuigh.

4 Ad haghaidhsi, féin amháin, do pheacaidh mé, agus ad radharcsa do rinneas an tolc: chum go bhfíoruighthear thusa ann hurlabhra, agus go rabhair fíorghlan ann do bhreitheamhnus.

5 Féuch, is an eigceart do chumadh mé; agus a gcionntuibh do ghabh mo mhathair a mbroinn mé.

6 Féuch, iarruidh tú fírinne taobh a stigh: agus a secréid dfoillsigh tú crionnachd damhsa.

7 Glansa le hisóip mé, agus bíad glan: nigh mé, agus budh gile mé ná sneachda.

8 Do bhéarair orum gáirdeachus agus lúathgháir do chlos; chum go ndéindís na cnámha noch do bhris tú luathgháire.

9 Foluigh haghaidh óm pheacuighibhsi, agus scrios uáim mo chionta.

10 Cruthaigh ionnam croidhe glan, a Dhé; agus athnúaghaidh ann mo mheadhón spiorad iomlán.

11 Ná teilg mé seachad od fhiaghnuise; agus ná béir do spiorad náomhtha uáim.

12 Aisig dhamh gáirdeachus do shlánuighthe; agus connuimh súas mé le spiorad shaóir.

13 Ann sin múinfidh mé do shlighe do chiontachaibh; agus iompóchthair peacacha chugadsa.

14 Sáor mé ó fhuil, a Dhé, Día mo shlánuighthe: agus foillseochaidh mo theanga thfíréantacht ós áird.

15 A THIGHEARNA, foisgeola tú mo phuisíne; agus foillseochaidh mo bhéul do mholadh.

16 Oír ní iarrann tú íodhbairt; agus ge ttiubhruinn sin uáim: ní bhfuil dúil agad a nofráil loisge.

17 Is íad íodhbartha Dé spiorad briste: ar chroidhe bhriste chomhbhrúighte, a Dhé, ní dhéanair tarcuisne.

18 Déan maith do Shion ó do dheagh-thoil féin: cuir súas balladha lerusalem.

19 Annsin biáidh fonn agad a níodhbairt na fíréuntachda, a nofráil loisge agus a nofráil chnaóite go hiomlán: annsin do dhéanaid bulóga óga do thoirbhirt air haltóir.