1 Aithnighthear Día ann Iúdah: is mór a ainm a Nísrael.
2 Agus a Sálem atá a pháilliún, agus a ionad comhnuidh a Síon.
3 Annsin do bhris sé saighde an bhogha, an sgíath, agus an cloidheamh, agus an cath. Selah.
4 Atá tú loinneardha agus oirdheirc ós cionn shléibhte na creiche.
5 Do creachadh na daóine meisneamhla a ccroidhe do chodladar a gcodladh: agus ní bhfúaradar na daóine cumhachdacha a lámha.
6 Réd iomaithbheara, a Dhé Iácob, do teilgiodh an carbad agus an teach ar áon a ccodladh mharbhthach.
7 Atá tusa, thusa féin úathbhásach: agus cia sheasfas ós do choinne a nam thféirge?
8 Thugais fa deara breitheamhnus do chloisdean ó neamh; do bhí eagla air an ttalamh, agus do bhí na chomhnuidhe.
9 A nuáir déirigh Día chum breitheamhnuis, do chumhdach dhaóine ceannsuigh ná talmhan uile. Selah.
10 Oír molfaidh díbhfhearg an duine thusa, toirmiosguidh tusa fuighioll a bhfeirge.
11 Móidigh, agus coimhlíonuidh don TIGHEARNA bhur Ndía: tugaidis gach a bhfuil na thimchioll tiodhlacadh chuigesion roimhe ar dúal a bheith faiteach.
12 Géarrfa sé thríd amach spiorad na bprionnsadh: is úathbhásach é do righthibh na talmhan.