Psailm 91 BEDELL

Is dídion Día da dhaoinibh disle, án-aghaidh gach soighead agus sciúrsa.

1 An té áitighios a núaingnios an té is ro áirde do dhéana sé comhnuidhe ar scáth a Nuilechumhachtuigh.

2 A déarad a ttaobh an TIGHEARNA, Mo dhídean agus mo dhaingion; mo Dhía, cuirfiod mo dhóthchus ann.

3 Go deimhin sáorfa sé thusa ó líon a nfíaghaidh, ón phláigh nimhnigh.

4 Ré na sciathán foileochaidh sé thú, agus fa na sciathánaibh chuirfios tú do dhóthchus: is scíath agus buicléir a fhírinne.

5 Ní bhía faítchios ort air eagla na hoidhche; nó fó na soighde eitiollas san ló;

6 On phláigh noch shíubhlas annsa dorchadus; nó ón dioghaltas noch shiubhlas san meadhóin laói.

7 Tuitfid míle ré do tháobh, agus deich míle ar do láimh dheis; ní thiucfa sin ad gharsa.

8 A mháin lé do shúilibh do chífe tú agus do chífir luáidheacht na neimhdhíadhach.

9 Oír don TIGHEARNA mo dhaingionsa, don té is ro áirde, do rinne tú hionad comhnuidhe;

10 Ní bheanfa áonolc riot, agus ní thiucfa an phláigh a ccomhghar dot pháillíun.

11 Oír cuirfe sé dúalach air a ainglibh dot tháobhsa, dot choimhéad ann do shlighthibh uile.

12 Iomchoruid thú ann a láimh, deagla go mbeanfadh do chos re cloich.

13 Sailteorair air an leomhan agus air an Mbasilisc: do dhéanair saltairt air an leomhan óg agus air an ndragún.

14 Do bhrígh go bhfuil grádh aige orumsa, saorfa mé é: áirdeochád é, do bhrígh go ráibh fios manma aige.

15 Goirfe sé orum, agus cluinfe misi é; atáimse aige iona bhuaidhreadh; do dhéanad a shaoradh, agus a ghlórughadh.

16 Do dhéanad a ríar le fad laétheadh, agus foillseochad mo shlánughadh dhó.