1 Cred fá ndéan tú uáill a nolc, a dhuine chumhachduigh? mairigh maitheas Dé ar feadh an laói.
2 Tionnsgnuidh do theanga urchóid; amhuil gérscían bhéarrtha, ag oibriughadh go cealgach.
3 Grádhuigh tú olc tair an maith; bréaga ós cionn labhairt go fíréunta. Selah.
4 Is ionmhuin leachd gach uile bhríathra urchóideacha, O a theangaidh mhillteach.
5 Mar an ccéadna scriosfuidh Día thú go brath, agus béaruidh seachad thú, agus tarrongfuidh thú as do pháilliún, agus beanfaidh do fhréumha as talamh na mbeo. Selah.
6 Do chífidh an fíréun mar an ccéadna, agus biáidh eagla air, agus do dhéana gáire fáoi:
7 Dearc, an nduine nach déarna a neart do Dhía; acht do chuir a dhóigh iona iomad saidhbhris, agus do neartuigh é féin iona chionntaibh.
8 Acht misi mar chrann ghlas oilibh a ttigh Dé: atá mo dhóigh a ttrócaire Dé go sáoghal na sáoghal.
9 Molfad thú go síorruidhe, do bhrígh go ndéarna tú sin: agus feithmhe mé ar hainm; óir is maith é ós coinne do náomh.