1 O a THIGHEARNA, ná himdhearg mé ann thfeirg, agus ná smachduigh mé ann do mhíothaitneamh.
2 Déan trócaire orum, ó a THIGHEARNA; óir atáim lag: a THIGHEARNA, leighis mé; óir atáid mo chnámha buáidheartha.
3 Atá manam mar an ccéadna buáidheartha go mór: acht thusa, a THIGHEARNA, cá fad?
4 Iompóigh, a THIGHEARNA, fúasguil manam: ó sáor mé ar son do thrócaire.
5 Óir san mbás ní bhfuil éanchuimhne ort: annsa nuáigh cía bhéuras buidheachus duit?
6 Atáim tuirseach lem chneaduigh; air feadh na hoidhche cuirim mo leaba ar snámh; fliuchuim miomdhuigh lem dhéaruibh.
7 Do milleadh mo shúil le dubhachus; fásuidh seanda do bhrígh mo uile naimhde.
8 Imthighidh uáim, sibhsi a uile luchd déanta na néagcóra; óir do chúaluidh an TIGHEARNA guth mo éighmhe.
9 Do chúaluidh an TIGHEARNA mo ghearán; géubhuidh an THIGHEARNA rem urnaigh.
10 Bídís mo naimhde uile náireach agus ro bhuáidheartha: fillidís agus bídís náireach go hobann.