1 A Dubhairt mé, Do bhéara mé aire dom shlighthibh, go nach déanad peacadh lem theangaidh: coinneochad srian rem bhéul, an feadh bhías an ciontach ós mo choinne.
2 Do bhí mé balbh ré a bheith am thocht, do bhí mé am thocht, ó mhaith; agus do corruigheadh mo dhoilghios.
3 Do bhí mo chroidhe te ionnam a stigh, ann mo smuáineadh do las an teine: annsin do labhrus rem theangaidh, ag rádh,
4 A THIGHEARNA, foillsigh dhamh mo chríoch dheighionach, agus tabhair a fhios damh caidhe fad mo láethe; go madh fios damh cá fad mhairfios mé.
5 Féuch, do rinne tú mo láethe do leithead baise; agus atá maóis mar neimhní ad lathairsi: go deimhin is díomhaóineas go léir a nuile dhuine dhá fheabhus da mbí a staid. Selah.
6 Go deimhin is mar íomháigh shiubhlas a nuile dhuine: go deimhin is a ndíomhaóineas do níd corrughadh: cruinnidh duine maóin, agus ní fheadair sé cía chaithfios íad.
7 Agus a nois, cred ar a bhfuilim ag feithiomh? a THIGHEARNA, atá mo dhóthchus ionnadsa.
8 Om uile aindligheadh sáor mé: na déan scannail a namadáin díom.
9 Do bhí mé balbh, níor fhoscáil mé mó bhéul; do bhrígh go ndéarna tusa é.
10 Athruigh uáimse do bhuille: do mheath mé tre bhuille do láimhe.
11 An tan cheasnuighios tú duine re hachmhusanuibh air son éigceirt, do bhearair air a sgeimhe cnáoi mar léaman: is díomhaóineas go léir a nuile dhuine. Selah.
12 Cluin múrnuigh, a THIGHEARNA, agus tabhair éisteachd dom chomhairc; ná bí boghar rem ghul: oir is coigcríghe mé agadsa, am choimhightheach, mar maithreacha uile.
13 Coisg dhíom, agus léig dhamh mo neart dathnúaghadh, suil imtheachad, agus nach bíad ann ní sa mó.