1 Ise an TIGHEARNA mo sholus agus mo shlánughadh; cía re a mbiáidh eagla agum? sé an TIGHEARNA neart mo bheatha; cía budh eagal damh?
2 A nuáir thangadar luchd déanta a nuilc, meascáirde agus mo naimhde, am aghaidh dithé mféola, fúaradar féin tuisleadh agus do thuiteadar.
3 Dá ccampuigheadh slúagh am aghuidh, ní bhía eagla air no chroidhe: dá neirgheadh cogadh am aghaidh, annso bhías mé dóthchusach.
4 Aóinní amháin dathchuingidh mé air an TTIGHEARNA, ag sin a ní íarrfad; mo chomhnuighe a ttigh an TIGHEARNA air feádh láethe mo sháoghail, dféuchuin air scéimh an TIGHEARNA, agus bheith go moch iona theampall.
5 Oir foileochuigh sé mé iona pháilliún a ló a nuilc: coimhéudfuidh mé go secréideach a nuáignios a thabernacuil; ar charruic thóigfios sé súas mé.
6 Agus a nois áirdeochur mo cheann ós cionn mo námhad fa ccuairt am thimchioll: agus íodhborad iona thabernacuil íodhbartha gáirdeachuis; canfad, agus do dhéan salm don TIGHEARNA.
7 Cluin, a THIGHEARNA, a nuáir ghairim rem ghuth: agus déan trócaire orum, agus freagair mé.
8 Mar a dubhairt tusa, iarruidhse mo aghaidh; haghuidh, a dubhairt mo chroidhesi riot, iarrfad a THIGHEARNA.
9 Ná foluigh haghuidh uáim; ná fill ód sherbhíseach a bhfeirg: bá tú mo chabhair: ná fág mé, agus ná tréig mé, a Dhé mo shlánuighthe.
10 Oir do thréig mathair agus mo mhathair mé, achd géabhuidh an TIGHEARNA a steach mé.
11 Múin do shlighe dhamh, a THIGHEARNA, agus tréoruidh a ród chomhthrom mé, do bhrígh mó námhad.
12 Ná tabhair do thoil mo námhad mé: oir fíadhnuisigh bhréagach agus an té shéidios amach foiréigion, déirgheadar súas am aghaidh.
13 Do rachfuinn a nanbhfhuinne, muna ccreidfinn go bhfaicfinn maith an TIGHEARNA a gcrích na mbéo.
14 Feith air an TTIGHEARNA: bí láidir, agus neartochuidh sé do chroidhe: agus déan feitheamh air an TTIGHEARNA.