1 Laimh ré srothaibh Bhabilón, ann sin do shuigheamar, do ghuileamar, fós, mar do chuimhnigheamar Síon.
2 Do chrochamar ar gcláirseacha air fhuileógaibh iona méadhón sin.
3 Oír annsin díarradar an lucht do rug a láimh sinn ceóil dhín; agus an dream do rinne carnáin dínn lúathghaire, ag rádh, Cánaidh dhúinn cuid do cháinticibh Síon.
4 Cionnus chánfam cáintic an TIGHEARNA a ttalamh coimhthightheach?
5 Má dhearmaduim thusa, ó Ierusalem, dearmadadh mo lámh dheas a gliocas.
6 Ceangladh mo theanga dúachtar mo bhéil, muna ccuimhnighe mé ortsa; muna ttogfa mé lerusalem ós cionn mullaigh mo shóláis.
7 Cuímhnigh, a THIGHEARNA, clann Edom a ló lerusalem; noch a dubhairt, Tochlaidh, tochlaidh í, go nuige a híochdar.
8 O a inghean Bhabilón, noch dhíothláirighear; budh sona an té aithdhíolfas leatsa do lúaigheacht noch do dhíol tú linne.
9 Budh sona an té noch ghlacfas agus bhuáilfios do naóidhin a naghaídh na cairge.