1 Ann tan do chuáidh Israel amach ón Négipt, tigh lácob ó na dáoinibh barbarthu;
2 Do bhí a náomhthachd ann Iúdah, a Nisrael a THIGHEARNAs.
3 Do chonnairc an mhuir sin, agus do theith: diompóigh sruth Iordan, air a hais?
4 Do lingeadar na sléibhte amhail reitheadh, na cnoic mar óga an tréada.
5 Cred ba ciontach leachd, ó a mhuir as ar theith tú? thusa a Iordan, as ar fhill tú ar hais?
6 Sibhsi a shléibhte, as ar lingeabhair amhail reitheadh; sibhsi a chnoca, mar óga an tréada?
7 Criothnuidh thusa, a thalaimh, a lathair an TIGHEARNA, a lathair Dé Iácob;
8 Noch iompoigheas an charrac a lóchán uisge, an chloichtheine a ttiobraid uisgeadh.