Psailm 59 BEDELL

Dáibhi iadhta súas ioná thigh féin, diarr se cobhair án TIGHEARNA.

Don phrímhfhear ceóil, Altaschit, Psalm órdha Dháibhi; a nuáir do chuir Sául drong úadh do chuirfeadh faire air a thigh, dá mharbhadh.

1 Saor mé óm naimhdibh, a Dhé: ón lucht éirghios súas am aghaidh bísi do dhídean damh.

2 Sáor mé ó lucht oibrighthe na hurchóide, agus coimhéad mé ó dhaóinibh fuilteacha.

3 Oír, cheana, atáid ag luigheachán air manam: cruinnighid na cumhachtaigh a naóinfheachd am aghaidh; ní ar son mo sháruighthe, ní air son mo pheacaidh, a THIGHEARNA.

4 Rithid gan chion air bíth dom tháoibhse agus ullmhuighid íad féin: éirighsi súas do theagmháil leam, agus dearc.

5 Agus tusa, a THIGHEARNA Día na slógh, Día Israel, múscail dfeuchuin na ccineadhachso uile: ná bí grásamhuil dóibh uile noch oibrighíos urchúid go meantolach. Selah.

6 Fillid tráthnóna: do níd fuáim amhuil madradh, agus imthighid fa ccúairt a dtimchioll na caithreach.

7 Féuch, taifnid re na mbéul: atáid cloidhmhthe iona bpusaibh; oír, a deirid, Cía chluin?

8 Acht tusa, a THIGHEARNA, do dhéanair magadh orra; do dhéanair tarcuisne air na geintibh uile.

9 Do bhrígh a neirtsion do bhéaradsa aire dhuitsi: óir is tusa a THIGHEARNA mo dhídean.

10 Tiucfaidh mo Dhía grásamhuil romham: do bhéara Dia dhamh mo mhían dfaicsin air mo naimhde.

11 Ná marbh íad, deagla go ndéanadh mo dhaoine dearmad: spréidh íad re do chumhachdaibh; agus tabhair a núas íad, a THIGHEARNA ar scíath.

12 Ar son peacaidh a mbéil bríathair a bpuisín gabhthar íad ann a núabhar: agus ar son a malluighthe agus a mbréug noch labhruid.

13 Díothlaithrigh a bhfeirg íad, díothlaithrigh, go nach béid ann: agus bíodh a fhios aca go bhfuil Día ag ríaghladh ann Iácob go téorannuibh na talmhan. Selah.

14 Agus fillidis tráthnona; agus taifnedis amhuil madradh, agus imthighdis fá ccuáirt na caithreach.

15 Bídís ar seachrán síos agus súas deasbhuidh bídh, agus bídís ag ithiomrádh muna bhfaghaid a ríar.

16 Acht canfa misi dot neartsa; agus lúathgháirfead as do thrócaire gach maidin: óir ba tú mo choimhéad agus mo dhídean a ló mo thrioblóide.

17 O mo neart, dhuitse chanfas mé: óir isé Día mo dhídean, Día mo throcaire.