Psailm 104 BEDELL

Teagasc ar mhóir-neithibh nádurdhá, agus ar fhreasdal Dé.

1 Beannuighe an TIGHEARNA, O manam. O a THIGHEARNA mo Dhía, atá tú ro árrachtach; re honóir agus re mórdhachd atá tú éaduighthe.

2 Ag cur sholuis mar éadach ort; ag síneadh na bhflaitheas amach mar chúirtín:

3 Noch chuirios annsna huisgeadhuibh a sheomruidhe úachtaracha: noch do ní a charbad do na néulluibh: noch shiubhlas ar sciathanuibh na gaóithe:

4 Ag déanamh spiorad dá ainglibh; teine lasamhuil da mhinistribh:

5 Noch shuighios an talamh air a fhulangaibh, go nach ccorrochuigh é go bráth.

6 Ris a ndubhaigeán mar bhrát dfoluigh tú é: ós cionn na slíabh do sheasadar na huisgeadha.

7 Od achmhusansa do theithiodar; ó ghuth do thóirnighe do dheithfrigheadar rompa.

8 Tíaghaid na sléibhte súas; tigid na gleanta a núas chum a nionaid dórduigh tusa dhóibh.

9 Do chuir tú téora cinnte noch nach sáireachuid síad; go nach fhillfid síad dfolach na talmhan.

10 Noch chuirios toibreacha ann sna gleanntaibh, idir na cnocaibh siubhluid síad.

11 Do bheirid deoch duile ainmhidhe an machaire: coisgid na hassail fhíadhta a ttart.

12 Na bhfochair so chomhnuighios éanlaigh a naiéir, a measg na mbeangán do bheirid a nguth.

13 Fliuchuidh sé na cnuic ó na sheomruidhibh úachtrach: ré toradh hoibreachsa do líonadh an talamh.

14 Do bheir sé air an bhféur fás do náirnéis, agus an luibh chum maitheasa an duine: chum aráin do thabhairt amach as an ttalamh;

15 Noch do gháirdighios croidhe an duine re fíon, bheir ar aghaidh deálrughadh re hola, agus neartuighios croidhe an duine re harán.

16 Atáid croinn an TIGHEARNA sásuighthe; séadair Lebanon, noch do phlanntoigh sé;

17 Mar a ndéanuid a néanlaith a nead: an storc, isé an crann giumhais a thigh.

18 Na cnoic árda is dídean do na gabhraibh fíadhta; agus na cairge do na coininíbh.

19 Do rinne sé an ghealach chum aimsiorrdhacht: is aithne don ghréin a dhul faoí.

20 Cuiridh tú dorchadas, agus biáidh a noidhche ann: is annsin shnáighid amach uile bheathuigh állta na coilleadh.

21 Na leomhuin óga ag búirfidhe chum a gcreiche, ag íarruidh a mbídh ó Dhía.

22 Eirghe an ghrían, tigid síad a cceann a chéile, agus luighid iona nuámhuibh.

23 Rachaidh an duine amach chum a oibre agus chum a sháothair go trathnóna.

24 Ca líon hoibreacha, a THIGHEARNA! a neagna do rinne tú íad uile: atá an talamh lán dot shaidhbhrios.

25 A nfairge fós adhbhal fhairsing, annsin atá gach ní shnáighios agus atáid dóáirmhe, beathuighe bheaga agus móra.

26 Annsin imthighid na longa: an míol mór, noch do chruthaigh tusa do shúgradh annsin.

27 Feichthid síad uile ortsa; chum a mbeatha do thabhairt dóibh iona ham féin.

28 Do bheir tusa dhóibh é agus cruinnighid síad é: fosclaidh tú do lámh, agus sásuighear íad re maith.

29 Folchuigh tú hadhuigh, agus atáid síad buaidheartha: tairnge tú a nanál air a hais, agus éagaid síad, agus fillid chum a luaithrigh féin.

30 Cuirir do spiorad uáid, agus cruthuighear íad: agus athnúaidhthear aghaidh na talmhan.

31 Bíaidh glóir an TIGHEARNA go síorruidhe: do dhéanaidh an TIGHEARNA lúthghaire iona oibreachaibh.

32 Féuchuidh sé air an ttalamh, agus criothnuigh sé: beanuidh sé leis na sleibhtibh, agus do níd deatach.

33 Canfad don TIGHEARNA an ccéin mhairfiod: canfad salm dom Dhía an ccéin bhíad ann.

34 Bu milis mo smuáintighthe dha-thaobhsan: do dhéanad gáirdeachus ansa TTIGHEARNA.

35 Go scriostar na peacthaich amach as an ttalamh, agus nar raibh na cionntuigh ann níos mó. Beannuigh ó manam, an TIGHEARNA. Beannuighe sibhsi an TIGHEARNA.