Psailm 116 BEDELL

Is ceangal ar ghradh agus ar mhóidibh umhlachd do thabháirt, meud ch úram Dhe dha naomhaibh.

1 Is ionmhuin liom an TIGHEARNA, do bhrígh go ccluin sé mo ghuth ann mathchuinghibh.

2 Do bhrígh gur chláon sé a éisdeachd chugam, ar anabharsin gairfe mé air ar feadh mo bheatha.

3 Do íadhadar doilghiosa an bháis am thimchioll, agus fúaradar fórluinn ifrinn mé: amhgar agus dobhrón do fuáir mé.

4 Agus do ghair mé ar ainm an TIGHEARNA; A THIGHEARNA guidhim thú, sáor manam.

5 Is grásamhuil an TIGHEARNA, agus is fíréunta; agus atá ar Ndíane lan do thruáighe.

6 Cumhduigh an TIGHEARNA na dáoine simplighe: do hísligheadh mé, agus do sháor sé mé.

7 Iompóigh ó manam, chum do shuáimhneasa; óir do frith an TIGHEARNA go tiodhlaictheach ort.

8 Do bhrígh gur sháor tú manam ó bhás, mo shúile ó dhéaruibh, mo chos ó sciorradh.

9 Siobholad ar maghaidh ós coinne an TIGHEARNA a ttalamh na mbéo.

10 Do chreid mé, uime sin do labhair mé: do bhí mé buáidheartha go hanmhór.

11 A dubhras ann mo dheithnios, Atá a nuile dhuine bréagach.

12 Cred an luáidheachd do bhéaras mé don TIGHEARNA ar son a thabhartas damh?

13 Géabha mé cupán an tslánuighthe, agus goirfead air ainm an TIGHEARNA.

14 Coimhlionfa mé mo mhóide don TIGHEARNA anois ós coinne a dhaóine uile.

15 Is mórluáigh a bhfíaghnuise an TIGHEARNA bás a náomh.

16 A THIGHEARNA, go deimhin is mé do sheirbhíseach; is mé do sheirbhíseach, agus mac hinnilte: do sgáoil tú mo chúibhrighthe.

17 Is duitsi do dhéana mé iodhbartha an mholta, agus air ainm an TIGHEARNA ghoirtios mé.

18 Diolfa mé mo mhóide ris an TTIGHEARNA anois ós coinne a phobail uile,

19 A ccúirtibh thighe an TIGHEARNA, ann do mheadhónsa, a Ierusalem. Moluidh an TIGHEARNA.