Psailm 44 BEDELL

Nach ionann súaimhneas na heagluise ann gach ean aimsir.

Don phrímhfhear ceóil, Psalm teagaisc do chloinn Chórah.

1 A Dhé, do chúalamar ré ar gclúasaibh, agus dfoillsigheadar ar naithre dhúinn, a nobair doibrigh tú iona naimsir, san tseanaimsir.

2 Gur dhíbris amach léd láimh na cineadhacha, agus gur shuighidh tú íadsan; do rinnis olc do na daoinibh, agus do theilgis amach íad.

3 Oír ní re na gcloidheamh do ghabhadar oighreachd a nfearuinn, agus ní hí a lámh féin do sháor íad: acht do lámh dheassa, agus do rígh, agus solus haighthe, do bhrígh go raibh tú fabharthach dhóibh.

4 Tusa mo Rígh, a Dhé: aithin sáorughadh do Iácob.

5 Ionnadsa bhuailfiom ar naimhde: ann hainmse shailteoram síos an drong noch éirghios ar naghaidh.

6 Oír ní chuirfead mo dhóigh ann mo bhogha, agus ní sáorfa mo chloidheamh mé.

7 Acht do thárthuigh tusa sinn ó ar naimhdibh, agus do náirighis luchd ar ngortuighthe.

8 Do nímid glóir a Ndía ar feadh an laói, agus molfam hainm choidhche. Selah.

9 Acht do thréig tú, agus do náirigh tú sinn; agus ní racha tú amach ré ar slúaghaibh.

10 Do bheir tú oruinn iompógh ón namhaid: agus an luchd fhúathuighios sinn do níd éadáil dóibh féin.

11 Do bheir tú sinn amhuil mineallach mar bhíadh; agus spréighe tú sinn a measc na ngeinteadh.

12 Reaca tú do dhaóine air néimhní, agus ní mhéaduigheann tú ó a lúach.

13 Do ní tú scannail dar ccomharsanuibh dhínn, tarcuisne agus magadh don luchd atá fá ccuáirt ar ttimchioll.

14 Do ní tú seanfhocal dínn a measc na ngeinteadh, crothadh cinn a measc na bpoibleach.

15 Atá mo náire ós mo choinne ar feadh an laói, agus dfoluigh náire maighthe mé.

16 Ó ghuth an cháintéora agus an scannluighthéora; ó aghaidh na námhad agus an dioghaltaigh.

17 Tháinig so uile oruinn; gidheadh níor dhearmadamar thusa, agus ní dhearnamar míochoinghioll a naghaidh do chonnartha.

18 Níor iompoigh ar gcroidhe air a ais agus níor chláon ar ccoiscéime ód shlighe;

19 Máta gur bhrúigh tú sinn a nionad na ndragún, agus gur fholuigh tú sinn le scáile an bháis.

20 Má dhearmadamar ainm ar Ndé, agus gur leathnuigheamar ó chéile ar lámha chum Dé choimhthighe;

21 Nach spionfaidh Día so amach? óir is aithne dhó neithe foluightheacha an chroidhe.

22 Aseadh, ar do shonsa marbhthar sinn go láetheamhuil; meastar sinn mar chaorchuibh chum a náir.

23 Múscail, créd fa ccodlann tú, a THIGHEARNA? eirigh, ná tréig sinn go bráth.

24 Cred fa gceilionn tú do ghnúis, a ndeana tú dearmad dar mbuáidhreadh agus dar sárughadh?

25 Oír do cláonadh ar nanam síos chum an luaithrigh: ceangluidh ar mbolg don talamh.

26 Eírigh ad chabhair dhuinne, agus fúasgail sinn ar son do thrócaire.