1 Moluidh an TIGHEARNA. Moluidh an TIGHEARNA ó na neamhuibh: moluidh é annsna hárduibh.
2 Moluidh é, a aingle féin uile: moluidh é, a shlúagh uile.
3 Moluidh é, a ghrían agus a ghealach: moluidh é, a uile réulta an tsoluis.
4 Moluidh é, a neamha na neamh, agus na huisgeadha atá os cionn na neamh.
5 Molaidís ainm an TIGHEARNA: óir do aithin sé, agus do cruthuigheadh íad.
6 Agus do dhaingnidh sé choidhche, agus go bráth íad: thug sé reachd úadh agus ní sáireochthar í.
7 Moluidh an TIGHEARNA ón ttalamh, a dhragúna, agus a uile dhoimhne:
8 Teine, agus cloichshneachda; sneachda agus deathuigh: gáoth anfadhach ag coimhliónadh a bhréithre.
9 Na sléibhte, agus na huile chnoic; croinn thoraidh, agus a nuile shéadar
10 An beathach allta, agus a nuile ainmhidhe; gach ní shnáighios, agus éunlaith eitiolus:
11 Ríghthe na talmhan, agus na huile dhaoine; prionnsoighe, agus uile bhreitheamhuin na talmhan:
12 Oígfhir, agus fós maighdiona; seandaóine, agus leinibh:
13 Molaidís ainm an TIGHEARNA; oir atá a ainm amháin ar na árdughadh go hoirdheirc; atá a ghlóir ós cionn na talmhan agus na neamh.
14 Agus dárduigh sé adharc a dhaóine, moladh a náomh uile; chlanna Israel, na daoine atá a bhfogus dó. Moluidh an TIGHEARNA.