Psailm 94 BEDELL

Gearán um ráithe na ndrochdhaoine. 12 Agus tarbha tig ré smachdugh an TIGHEARNA.

1 O a THIGHEARNA Día, dar dúal dioghaltas; ó a Dhé, dar dúal dioghaltas, déalraidh amach.

2 Tóig thú féin súas, a bhreithimh na talmhan: tabhair luáigheacht do nuáibhreach.

3 Cá fad do dhéanas an ciontach, a THIGHEARNA, cá fad do dhéanas an ciontach caithréim?

4 Cá fad bhiáidh síad ag lúadh agus ag labhairt neithe cruaidhe? cá fad bhiáid síad ag síorchaint an mhéid oibrighios éagceart?

5 Brúighid síad do dhaóine, a THIGHEARNA, agus buáidhrid síad hoighreachd.

6 Marbhuid síad an bhaintreabhach agus an duine coigriche, agus do níd feall air an ndílleachda.

7 Agus a deirid síad, Ní fhaicfe an TIGHEARNA sin, ní thuigfidh Día Iacob é.

8 Tuigidhe, a bhrúideamhla a measg na ndaóine: agus sibhsi dhaóine leamha, cá huáir bheithíse eagnuighe?

9 An té shuighios an chlúas, nach ccluinfe sé? an té chumas an tsúil, nach bhfáicfidh sé?

10 An té smachduighios na cineadhacha, nach ttiubhraidh sé achmhusan uádh? an té mhúinios éolus don duine, nach bía a fhios aige?

11 Is aithne don TIGHEARNA smuáintighe an duine, gur díomhaóineas íad.

12 Is beannuighe an duine, a THIGHEARNA, noch smachduighios tusa, agus mhúineas tú as do dhligheadh;

13 Do thabhairt súaimhnis dó a láethibh a nuilc, nó go ttochaltar poll don chiontach.

14 Oír ní theilgfidh an TIGHEARNA a dhaóine féin úadh, agus ní thréigfidh sé a oighreachd.

15 Oír fillfidh breitheamhnus chum ceirt: agus leanfuid a nuile dhíreach a ccroidhe é.

16 Cía éireochus súas ar mo shonsa a naghaidh luchd déanta a nuilc? cía chuirfios é féin air mo shon a naghaidh luchta oibrighthe na héagcóra?

17 Acht muna bheith go raibh an TIGHEARNA na chungnamh agam, ní mór nach bíadh manam san nuáidh.

18 A nuáir a dubhras, Sciorruidh mo chos; do chonnaimh do thrócaire súas me, a THIGHEARNA.

19 A niomad mo smuáintighthe ionnam a stigh do thaitnighiodar do chomhfhurtachda rem anam.

20 An mbía cumann riotsa ag cathaóir na hurchóide, noch chumas éaigceart re dligheadh?

21 Coimhcheanglaid íad feín a naghaidh anma a nfíréin, agus damnuighid an fhuil neimhchiontach.

22 Acht biáidh an TIGHEARNA mar chumhdach agamsa; agus mo Dhía mar charraic mo dhídin.

23 Agus fillfe sé orra féin a gcionta agus ann a nurchóid géarrfa sé amach íad; scriosfa an TIGHEARNA ar Ndía íad.