1 Molaidh an TIGHEARNA. Is beannuighe an duine air a bhfuil eagla an TIGHEARNA, agá bhfuil dúil iona aitheantaibh go ro mhór.
2 Budh cumhachtach air an ttalamh a shliocht: biáidh ginealach a nfíréin beannuigh.
3 Atá saidhbhrios agus maóin iona thigh: agus seasfuidh a fhíréantachd go bráth.
4 Eirghidh solus don droing dhírigh san dorchadas: don ghrásamhuil, don trócaireach, agus do nfíréan.
5 Atá an duine maith grásamhuil, agus áirleacthach: ceannsochaidh sé a bhríathra le breitheamhnus.
6 Oír ní corrochthar é choidhche: biáidh an fíréun a gcuimhne shíorruidhe.
7 Ní bhiáidh eagla air roimhe dhroichscéuluibh: atá a chroidhe diongmhalta, ag cur a dhóthchuis san TIGHEARNA.
8 Atá a chroidhe diongmhálta, ní bhiáidh eagla air, nó go bhfacaidh a mhían ar lucht a bhuaidheartha.
9 Do spréidh sé, thug sé do na bochtaibh; mairigh a fhíréantacht go síorruidhe; biáidh a adharc ar na hárdughadh le glóir.
10 Chífe an peacach sin, agus biáidh fearg air; do dhéana sé díosgán ré na fhíacluibh, agus leighfe sé: meithfe mían an pheacaidh.