Psailm 139 BEDELL

Feabhas fhreasduil Dé um chumtha an duine.

Don phrímhfhear ceóil, Psalm Dháibhi.

1 A THIGHEARNA, do chúartuigh tu mé, agus daithin tú mé.

2 Is aithne dhuit mo shuighe agus méirghe, tuige tú mo smuáineadh a bhfad uáit.

3 Spíona tú mo chasán agus mo luidhe síos, agus atá tú éolach air mo shlighthibh uile.

4 An tan nach bhfuil an fhocal ann mo theangaidh, féuch, a THIGHEARNA, is aithne dhuitse sin uile.

5 Am dhiaigh agus romham gabhaidh tú am thimchioll, leagaidh tú do lámh orum.

6 Is iongantach héolus ós mo chionn; atá sé árd, ní fhéaduim rochtuin chuige.

7 Cá háit a rachaidh mé ó do spiorad? nó cá háit a tteighfe mé ó do radharc?

8 Má théighim súas go flaitheamhnus, atá tusa ann: má ullmhuighim mo leabaidh a nifrionn, féuch, atá tusa a lathair.

9 Má ghabhuim sciatháin na maidne, agus má chomhnuighim a rannaibh foiriomlacha na mara;

10 Ann sin fos tréorochuidh do lámhsa mé; agus coinneomhuidh do lámh dheas mé.

11 Agus má deirim, Foileochuidh an dorchadus mé go deimhin; biáidh a noidhche go dearbhtha na solus am thimchioll.

12 An dorchadus féin ní dhorchuighionn uáitsi; agus do bheir a noidhche solus úaithe mar an lá: mar an ndorchadus is amluidh sin atá an solus.

13 Oír do shealbhuidh tú mo dhubháin: dfoluigh tú mé a mbroinn mo mhathar.

14 Molfa mé thú; do bhrígh go ndéarnadh mé go hiongantach agus go húathbhasach: is oirdheirc hoibreacha; agus atá a fhios sin aig manamsa go ro mhaith.

15 Ní raibh madhbharneith a bhfolach ortsa, an tan do rinneadh mé a nuáignios, agus do hoibrigheadh mé go healadhanta a rannaibh íochtaracha na talmhan.

16 Do chonncadar do shúile mo mheall, míochumtha; agus do bhádar uile scríobhtha ann do leabharsa, noch a mbúanus do dhéantaoi a ndeilbh, an tan nach raibh aon díobh?

17 Cred é fós mórlúaigh atáid do smuáintighthe dhamhsa, a Dhé ! cred é mhéud a nuibhir !

18 Dá náirmhim íad, is lía íad le a gcomháireamh ná an gaineamh: mhúsgluim, atáim do ghnáth agadsa.

19 Go cinte marbhann tú na ciontuigh, a Dhé: ar anabharsin a dhaóine fuilteacha, imthighidh uáimse.

20 Noch labhras ad aghaidh go hurchóideach, agus do naimhde bheir hainm go díomhaóin.

21 Nach bhfuil fúath agamsa orra, a THIGHEARNA, agá bhfuil fúath ortsa? agus nach bhfuil fearg orum leis a ndroing éirghios súas ad aghaidh?

22 Lé fúath diongmhálta fúathuighim íad: atáid mar naimhde agam.

23 Cúartuigh mé, a Dhé, agus tuig mo chroidhe: teastuidh me, agus tuig mo smuáintighe:

24 Agus féuch an bhfuil slighe ar bith chiontach ionnam, agus treóruidh mé a slighe na síorruidheachta.