Psailm 19 BEDELL

Gu bfaicthear glóir Dhé iona oibrighthibh. 7 Agus a ghrás ina bhriathraibh.

Don phrímhfhear ceóil, Psalm Dháibhi.

1 Foillsighid na flaithis glóir Dé; taisbeanuid na spéirigh obair a lámh.

2 Foillsighidh lá urlabhradh do lá oile, agus foillsíghidh oidhche eagna doidhche.

3 Ní bhfuil comhrádh ar bith, agus ní bhfuil focail nach ccluintear a nguth.

4 Téid a líne go fóirleathan annsa talamh uile, agus a mbríathra go deireadh an domhuin. Do chuir sé páilliun don ghréin ionnta,

5 Noch atá amhuil fear mná pósta ag teacht amach, as a sheómra, lúathgháirighidh sé amhuil fear neartmhar ag rioth coímhlionga.

6 O théoruinn na bhflaitheas iseadh thríallus amach, agus a thimchiollradh go nuige a théorannuibh oile: agus ní bhfuil aóinni a bhfolach ó na theas.

7 Atá dligheadh an TIGHEARNA iomlán, ag iompógh a nanma: is fírinneach fiaghnuise an TIGHEARNA, ag déanamh an tsimpligh críonna.

8 Atáid reachda an TIGHEARNA ceart, ag gáirdiughadh an chroidhe: atá áithne an TIGHEARNA fiorghlan, ag tabhairt radhairc do na súilibh.

9 Atá eagla an TIGHEARNA glan, ag marthuin choidhche: is fírinneach breitheamhnusa an TIGHEARNA agus ceart go hiomlán.

10 Mó is cóir a níarruidh ná ór, aseadh, ná iomad dór fhínealta: ni is millsi mar an gcéadna ná mil, agus ná seilt chriathar na meala.

11 Leó fós teagasgar do shearbhfhoghantuigh: iona ccoimhéad atá lúaigheachd mhór.

12 Cía thuigfeas a sheachrán? ó pheacuighibh foluigheacha glansa mé.

13 Mar au ccéadna ó pheacuighibh uáibhreacha connuimh ar ais do sheirbhíseach; ná bíodh cumhachda aca orum: annsin bhías mé díreach, agus bíad neimhchiontach ó naindligheadh mhór.

14 Bídís bríathra mo bhéil, agus smuáineadh mo chroidhe, ionghabhtha ad lathair, ó a THIGHEARNA, mo charruic agus mfear fúasguilte.