1 Muna bhfoirgníghe an TIGHEARNA an tigh, is díomhaóin oibrighid an lucht fhoirgnighios é: muna ccumhduighe an TIGHEARNA an chathair, is go díomhaóin do ní an fear coimhéada faire.
2 Is díomhaóin díbhsi noch éirghios go moch shighios go deighionach, noch íthios arán an doilghiosa: marsin do bhéaraidh sé codladh dá fhior gráidh.
3 Féuch, is oighreacht don TIGHEARNA clann: toradh na mbronn a luaidheachd.
4 Mar shoighde a láimh an duine arrachtaigh; is amhluigh sin atá clann na hóige.
5 Is beannuighe an duine agá bhfuil a bholgán soighiod lán díobh: ní bhiáid claóidhte, an tan leibheoruid lé na naimhdibh san gheata.