Psailm 96 BEDELL

Atá Día ionghlórughadh, do chionn gur Hé bheir breath ar ntsaoghail.

1 Canuigh don TIGHEARNA caintic núadh: canuigh don TIGHEARNA, a thalamh uile.

2 Canuidh don TIGHEARNA, beannuighidh a ainm; foillsighidh a shlánughadh ó ló go ló.

3 Innsighidh a measg na ngeinteadh a ghlóir, a ionganta a measg na nuile phoibleach.

4 Oír is mór an TIGHEARNA, agus is íonmholta go hiomarcach: is ineagla é tair na huile dhée.

5 Oír is iodhail uile dhée na ndaóine: acht isé an TIGHEARNA do rinne na neamhdha.

6 Atá glóir agus dathamhlachd ós a choinne: atá neart agus scéimh iona shanctóir.

7 Tuguidh don TIGHEARNA, a chinéul na bpoibleach, tugaidh don TIGHEARNA glóir agus neart.

8 Tugaidh don TIGHEARNA glóir dhá ainm: tugaidh ofráil, agus tagaidh a steach iona chúirtibh.

9 Adhraidh an TIGHEARNA a scéimh a náomhthachda: bíodh eagla oruibh roimhe, a thalamh uile.

10 Abraidhe a measg na ngeinteadh, Atá an TIGHEARNA a ríoghacht: daingneochar fós an domhan go nach ccorróchar é: do dhéana sé breitheamhnus air na poibleachaibh a bhfíréuntachd.

11 Déindís na flaitheamhnuis gáirdeachus, agus bíodh lúathgháire air an ttalamh; déanadh an mhuir búireadh, agus gach a bhfuil inte.

12 Lingiodh an magh le lúathgháire, agus a bhfuil ann: annsin lúathgháirfid croinn na coilleadh

13 Os coinne an TIGHEARNA: oír atá sé ag teacht, ag teacht do dhéanamh breitheaimhnuis air an ttalamh: do bhéara sé breith air a tsaoghal a bhfíréuntachd, agus air na daóinibh iona fhírinne féin.