1 Beir breath orum, a THIGHEARNA; óir do shiubhail mé an mionnracus: agus fós annsa TIGHEARNA do bhí mo dhóigh; nach sciorrfa mé:
2 Spíon mé, a THIGHEARNA, agus teastuidh mé; indearbh mo dhubháin agus mo chroidhe.
3 Oír atá do chinéul grádhach ós coinne mo shúl: agus do shiubhail mé ann thfírinne.
4 Níor shuigh mé ré daoinibh díomhaóine, ní mó rachfas mé a steach le mealltóirighibh.
5 Do fhúathuigh mé coimhthionól luchd déanta a nuilc; agus ris an ccionntach ní shuighfe mé.
6 Nighfe mé mo lámha a neimhchionntuibh: agus tiucfad timchioll haltóra, a THIGHEARNA:
7 Iondus go bhfoillsighe mé ré guth thabhartha buidheachuis, agus go ninnse mé hoibreacha iongantacha uile.
8 A THIGHEARNA, do ghrádhuigh mé comhnuighe do thighe, agus ionad comhnuighe do ghlóire.
9 Ná cruinnigh manam lé peacachuibh, ná mo bheatha ré daóinibh fuilteacha:
10 Ann a láimh a bhfuil urchóid, agus a lámh dheas líonta do thiodhlaicthibh.
11 Acht am tháobhsa, siubholuigh mé ann mo dhioghruis: sáor mé, agus deán trócaire orum.
12 Atá mo chos na seasamh a nionad chomhthrom: annsna coimhthionóluibh beinneochad an TIGHEARNA.