Psailm 132 BEDELL

Cúram agus urnaidh Dhaibhi arson thighe Dé, agus a luchd oifig.

1 Cuimhnigh, a THIGHEARNA, Dáibhi agus a nuile bhúaidhreadh:

2 Noch thug mionna don THIGHEARNA, thug a mhóid dó Dhía chumhachtach Iácob;

3 Go deibhin ni théighim a steach a tteaghais mo thighe, agus ni théighim súas air mo leabaidh;

4 Ni thugam codladh dom shúilibh, táimhnéull do mhogluibh mo shúl,

5 Go bhfaghar ionad don TIGHEARNA, ionad comhnuighe do Dhía chumhachdach Iácob.

6 Féuch, do chúalamar so ann Ephrátah: fúaramar é a maghuibh na coilleadh.

7 Racham a steach iona nionaduibh comhnuighe: claonfam sinn féin chum cos-stóil a chos.

8 Eirigh, a THIGHEARNA, chum hionaid comhnuighe; thú féin, agus aírc do neirt.

9 Bídis do shagairt éaduighthe le fíréantachd; agus déindís do naóimh lúathgháire.

10 Ar son Dáibhi do sheirbhísigh ná fill uáinn aghaidh hungthaidh.

11 Do mhionnuigh an TIGHEARNA do Dháibhi a bhfírinne; ní fhillfe sé úadh sin; Do thoradh do choirp suigheochaidh sé ann do chathaóir ríogha.

12 Má choimhéaduid do mhic mo chunnradh agus mfíaghnuiseadha noch mhúinfead dóibh, suighfid a cclann mar an cceadna go síorruighe ann do chathaoir ríogha.

13 Oír do thogh an TIGHEARNA Síon; do dhúiligh é mar ionad suighe.

14 Asé so mo shuáimhneas go síorruidhe: annso dhéanad comhnuighe; óir fuair me dúil innte.

15 Beinneochad a maitheas go hiomarcach: sásfa mé a boicht le harán.

16 Agus fós éideochuidh mé a sagairt ré slánughadh: agus do dhéanaid a naóimh gáirdeachus ré lúathgháire.

17 Annsin do bhéarad ar adhairc Dháibhi fás: do órduigh mé solus dom ungthach.

18 Eideochad a naimhde ré náire: acht bláitheochuidh a choróinsion air féin.