1 A Deir droichghníomh an chiontuigh a stigh ann mo chroidhe, nach bhfuil eagla Dé ós coinne a shúl.
2 Oír do ní spleadhachus ris féin iona radharc, nó go naithnighior go bhfuil a pheacaidh fúathmhar.
3 Is mícheart agus mealltóireachd bríathra a bhéil: do léig dhe bheith glic, agus maith do déanamh.
4 Smuáinighidh sé díomháoineas air a leabuidh; suighidh sé féin ar shlighe nach maith; ní dhiúltann an tolc.
5 A THIGHEARNA, is annsna flaitheasuibh atá do thrócaire; agus thfírinne go nuige na néulla is áirde.
6 Is cosmhuil thfíréantachd re sléibhtibh ro árda; do bhreitheamhnuis is cosmhuil ris an ndubhaigéan: ó a THIGHEARNA, cumhduigh tú an duine agus an tainmhidhe.
7 Cred é oirdhearcus do thrócaire a Dhé! air a nadhbhar sin cuirfid mic na ndaóine a ndóigh a scáile do sciathán.
8 Béid ar na sásughadh go ro mhór lé méathus do thighe; agus do bhéara tú orra ól daibhne haóibhnis.
9 Oír is agadsa atá tobar na beatha; ann do sholusa do chídhfiom solus.
10 Faduigh do thrócaire don luchd darab éolach thú; agus thfíréuntachd don díreach a ccroidhe.
11 Na tigeadh cos a núabhair orum, agus ná corruigheadh lámh an chiontuigh mé.
12 Annsin do thuiteadar luchd oibrighthe na hurchóide: do teilgiodh síos íad, agus ní budh éidir léo éirghe.