Psailm 92 BEDELL

Ní ionann do shoirbheas lucht na heagcóra, agus do shonus na bfirein.

Psalm, agus caintic do lá na saóire.

1 Is maith admháil do dhéanamh don TIGHEARNA, agus sailm do chanadh dot ainm, ó thusa is ro áirde:

2 Dfoillsiughadh do thrócaire air maidin, agus thfírinne annsna hoidhchibh;

3 Air adhbha dheich ttéad, agus air an tsalmcheolach; agus air an ccláirsigh re guth árd.

4 Oír do rinne tú lúathgháireach mé, a THIGHEARNA, le hobairsi: do dhéan gáirdeachus a ngníomhuibh do lámh.

5 Cred é méad hoibreach, a THIGHEARNA! mar a ndubhaigéan atáid do smuaintighe.

6 Ní haithne do dhuine bhrúideamhuil; agus ní thuigionn amadán so.

7 A nuáir fhásaid na ciontaidh mar an bhféur, agus bhláithighid uile lucht oibrighthe na hurchóide; is annsin scriostar íad go síorruidhe:

8 Acht atá tusa, as áirde go bráth, a THIGHEARNA.

9 Oír, féuch, do naimhde, a THIGHEARNA, óir, féuch, do naimhde meithfid síad; spréidhfior lucht oibrighthe na hurchóide uile.

10 Agus áirdeochthar madharcsa mar unicorn: ungfuighthear mé ré hola úir.

11 Agus do chífe mo shúil mo mhían air mo naimhdibh, cluinfid mo chlúasa na ciontuigh éirghios am adhuigh.

12 Bláithfigh an fíréun mar chrann pailme: mar chrann sédair a Lebanon fásfuidh sé.

13 An lucht phlannduighthear a ttigh an TIGHEARNA, bláithfid síad a ccúirtibh ar Ndénne.

14 Do bhéaraid fós toradh úatha a naóis léith; méith agus úr bhéid síad;

15 Dfoillsiughadh go bhfuil mo THIGHEARNA, mo charraic ceart: agus nach bhfuil éaigceart ar bith ann.