1 A dubhairt an TIGHEARNA lem THIGHEARNA, Suidhsi air mo láimh dheis, go ndéarna mé do chosstól dot naimhdibh.
2 Cuirfe an TIGHEARNA slat do neirt amach as Sion: déan úachtaranachd a meadhon do námhad.
3 Bíaid do dhaóine ro fhonnmhar a ló do chumhachda, a sgéimh náomhthachda ó bhroinn na maidne: biáidh agadsa drúcht hoige.
4 Do mhionnuigh an TIGHEARNA, agus ní bía aithreachus air, Is sagart thusa go síorruidhe do réir uird Mhelchísedec.
5 An TIGHEARNA air do láimh dheis loitfidh sé ríghthe a ló a fheirge.
6 Do dhéana se breitheamhnus a measg na gcíneadhach, ag líonadh a nuile áite le córpuibh marbha; ag lot na cceann ós cionn tíre móire.
7 Iobhuidh sé deoch as a tsruth air an ród: ar a nadhbharsin tóigfe sé súas an ceann.