1 Buailidh bhur mbasa, sibhsi uile a phobal; déanuidh gáirdeachus chum Dé re guth caithréime.
2 Oír atá an TIGHEARNA is ro áirde úathbhásach; Rígh mór ós cíonn na talmhan uile.
3 Claóidhfidh sé na daóine fúinne, agus na cineadhacha fá ar ccosuibh.
4 Toighfidh sé ar noighreachd dúinn, oirdhearcus Iácob noch do ghrádhuigh sé. Selah.
5 Do chuáidh Día súas ré caithréim, an TIGHEARNA ré guth an ghalltrumpa.
6 Canuidh psailm do Dhía, canaidh psailm: canaidh moladh dár Rígh, canaidh moladh.
7 Oír isé Día Rígh na talmhan uile: canaidh moladh go héolgach.
8 Atá Día a rioghachd ós cionn na ccineadhach: suighidh Día ar chathaóir a náomhthachda.
9 Do chruinnigheadar prionnsuidhe na ndaoine re chéile, pobal Dé Abraham: óir is lé Día scíatha na talmhan: atá sé ar na árdughadh go ro mhór.