Psailm 143 BEDELL

An seachtmhadh psalm aithrighe.

Psalm Dháibhi.

1 A THIGHEARNA, cluin murnaigh, tabhair éisdeacht dom athchuinge: ann thfírinne freagair mé, agus ann thfíréantacht.

2 Agus ná téigh a mbreitheamhnus le do sheirbhíseach: óir ní fíreantar neach béo ann thfhiadhnuise.

3 Oír do rinne an námhaid manam do ainleanmhain; do leag sé manam chum na talmhan; thug sé orum comhnuighe do dhéanamh a ndorchadas, mar an druing atá marbh re fada.

4 Agus atá mo spiorad claóidhte ionnam; atá mo chroidhe ionnam a stigh mearuighthe.

5 Do chuimhnigh mé air an tseanaimsir; do smuáin mé ar hoibreachuibhse uile; do smuáin mé ar oibreachaibh do lamh.

6 Do shín mé mo lámha chugadsa: atá manam mar an ttalamh tartmhar chugad. Selah.

7 Déan deithnios, cluin mé, a THIGHEARNA: atá mo spiorad ag meirtniugh: ná foluigh haghaidh uáim, deagla go mbéinn cosmhuil ris an ndroing noch théid síos annsa log.

8 Tabhair orum do thrócaire do chloisdion air maidin; óir is ionnadsa chuirim mo dhóigh: tabhair orum an tslighe daithniughadh ann a siubhola mé; óir is chugadsa thógbhuim súas manam.

9 Sáor mé, óm naimhdibh, a THIGHEARNA: chugadsa theithim dom fholach.

10 Múin damh do thoil do dhéanamh; óir is tú mo Dhía: tréoruigheadh do dheighspiorad mé, a steach a ttalamh an díorghuis.

11 Béodhuigh mé, a THIGHEARNA, ar son hanma féin: ann thfíréantachd bhéaras tú manam amach as anacair.

12 Agus ann do thrócaire geárrfa tú mo uile naimhde, agus scriosfa tú gach a chraighios manma: óir is mé do sheirbhíseach.