Psailm 83 BEDELL

Guidhe a naghaidh comhchogáir na namhad ré chéile anasaónta Dé agus a dhaóine.

Caintic agus Psalm Asaph.

1 A Dhé, ná bí ad thochd: ná bí boghar, agus ná coisg, a Dhé.

2 Oír, féuch, do níd do naimhde comhmbuáidhreadh: agus tógbhaid lucht thfuathuighthe a cceann.

3 A naghaidh do dhaóinesi do ghabhadar comhairle uáigneach go meabhlach, agus do chúadar a ccomhairle a naghaidh háoin bhfoluigheach.

4 Dúbhradar, Tagaidh, agus gearram amach íad ó bheith na gcineadh; go nach ccuimhneochthar ainm Israel nísa mó.

5 Oír do chomhairligheadar ré chéile dáontoil: atáid coimhcheangailte ad aghaidh:

6 Páilliún Edom, agus na Hismaelítigh; Móab, agus na Hagarénigh;

7 Gébal, agus Ammon, agus Amalec; na Philistinigh maille ris an ndroing chomhnuighios ag Tíor;

8 Atá Assur air na cheangal léo mar an ccéadna: agus bá cungnamh íad do chloinn Lot. Selah.

9 Déansa orrasan mar do rinnis air na Mhidianigh; air Shisera, air Iábin, ag abhuinn Císon:

10 Noch do thuit ag Endor: do rinneadh aóileach dhíobh chum na talmhan.

11 Déan a ndáoine nuáisle mar Oreb, agus mar Seeb: agus a bprionnsuidhe uile mar Seba, agus mar Salmunnah:

12 Noch a dubhairt, Glacam chuguinn féin tighthe Dé mar oighreachd.

13 O mo Dhía, déan amhuil roithlean iad; mar an gconnlach air aghaidh na gaóithe.

14 Mar loisgios an teine coill, mar chuirios an lasair na sléibhte tre theine;

15 Amhluigh sin déansa ainleanmhuin orra led anfadh, agus buaidhir íad led stoirm.

16 Líon a naighthe lé náire; chor go níarruid hainm, a THIGHEARNA.

17 Claóidhtear agus buáidhearthar íad go siorruidhe; bíodh náire orra, agus meathaid:

18 Chor go mbia a fhios aca gur tusa amháin, dárab ainm IEHOBHAH, is ro áirde ós cionn na talmhan uile.