1 Moluidh an TIGHEARNA. O manum, mol an TIGHEARNA.
2 Molfa mé an TIGHEARNA ann mo bheatha: canfad sailm dom Dhía an feadh mhairfiod.
3 Ná cuiridh bhur ndóigh a bprionnsuighibh, nó a mac an duine, ann nach bhfuil sláinte.
4 Téid a anal amach, fillfidh sé chum a thalmhan; meathaid a smúaintighthe an lásin féin.
5 Is beanuighe an té aga bhfuil Día Iácob mar chabhair, agá a bhfuil a dhóigh annsa TIGHEARNA a Dhía féin:
6 Noch do rinne neamh, agus talamh, an mhuir, agus a nuile ní atá ionnta: noch chongmhas fírinne go síorruidhe:
7 Ag cur bhreitheamhnuis a gcrích don té do laguigheadh: ag tabhairt aráin do nocrach. Fúasclaidh an TIGHEARNA na príosúnaigh:
8 Fosgluidh an TIGHEARNA súile na ndall: tógbhuidh an TIGHEARNA súas an drong chláonas síos: is ionmhuin leis an TTIGHEARNA na fíréin:
9 Coimhéaduigh an TIGHEARNA an duine coigcríche; an dílleachta agus an bhaíntreabhach tógbhaidh sé súas: acht cuiridh sé slighe an chiontoigh bun ós cionn.
10 Biáidh an TIGHEARNA a rioghacht go síorruidhe, do Dhíase, a Shíon, ó ghinealach go ginealach. Moluidhsi an TIGHEARNA.