Psailm 55 BEDELL

Guidhe Dháibhi anaghaidh eascairde a thighe féin.

Don phrímhfhear ceóil ar Neginot, Psalm teagaisg Dháibhi.

1 Tabhair éisteacht dom ghuidhe, ó a Dhé; agus ná foluigh thú féin óm ghearán.

2 Tabhair aire dhamh, agus éist riom: do ním doilghios ann mo ghearán, agus do ním fuáim;

3 Tre ghuth na námhad, tre ainleatrom na bpeacach: óir do bheirid urchóid orum, agus fuathighid mé a ndíbhfheirg,

4 Atá mo chroidhe air na ro phíanadh ionnum: agus do thuiteadar úathbhása an bháis orum.

5 Atá eagla agus criothnughadh ar tteachd orum, agus dfoluigh úathbhás mé.

6 Agus a dubhras, O nach bhfuil scíathán coluim agam! do dhéanuinn eitil as, agus do bhéinn a suáimhneas.

7 Féuch, do rachuinn a bhfad ar seachrán, do dhéanuinn comhnuighe ann sa bhfásach. Selah.

8 Do dhéanuinn deithnios rem eulógh ón ngaóith ngúasachdaigh agus anfaidh.

9 Scrios, a THIGHEARNA, agus roinn a tteangtha: óir do chonnairc mé foiréigion agus imreasan annsa chathruigh.

10 A ló agus a noidhche tigid na timchioll air na balladhuibh: atá urchóid agus doilghios iona meadhón.

11 Atá corbadh ann a lár: agus ní dhealuighionn meabhail agus cealg ré na sráidibh.

12 Óir ni námhaid do imdhearg mé; annsin dféadfuinn a iomchar: níor arduigh an té dó fhúathaigh mé é féin am aghaidh; ann sin do rachfuinn a bhfolach air:

13 Acht tusa, a dhuine mar mo shamhuil féin, mo éoluighe, agus mfear aitheantais.

14 Do rinneamar aráon comhairle mhilis, do chúadhmar a naóinfheachd go tigh Dé.

15 Gabhadh an bás sealbh orra, tíaghaid síos go hifrionn beo: óir atáid uile iona ccoimhthionól, iona meadhón.

16 Ar mo shonsa, éighfe mé chum Dé; agus sáorfa an TIGHEARNA mé.

17 Tráthnóna, agus air maidin, agus san meadhón laói, do dhéana mé urnaigh, agus éighfiod ós áird: agus cluinfidh seision mo ghuth.

18 Dfúasgail sé manam a síothcháin ón gcath do bhí am aghaidh: óir is re hiomad do bhádar ag cur chugam.

19 Cluinfidh an Día láidir, agus do bhéaraidh a núas íad, eadhon an té atá ann ón tseanaimsir. Selah. Ar a nadhbhar nach áthruighid, dá bhrígh sin ní bhíonn eagla Dé orra.

20 Do chuir sé a lámha amach a naghaidh an luchda do bhí a síothcháin ris: do bhris sé a chunnradh.

21 Bá bláithe bríathra a bhéil ná ím, acht do bhí cogadh iona chroidhe: bá buige a fhocail ná ola, gidheadh bá cloidhmhthe tairrngthe íad.

22 Teilg do mhuirighin air an TIGHEARNA, agus cothochuidh sé thú: ní fhuileonguidh sé an fíréun do chorrughadh go bráth.

23 Acha tusa, a Dhé, bhéaras síos íad go poll an bháis: ní mhairfid daoine fuilteacha agus cealgacha leith a láetheadh; Acht biáidh mo dhóighse ionnadsa.