Psailm 81 BEDELL

Rí iomdha maith uáinn, agus tiocfaidh iomdha olc oruinn, chion buidheachuis.

Don phrímhfhear ceóil ar Ghittit, Psalm Asaph.

1 Luathghairigh chum Dé ar neart: déanaidh fuáim mheanmnach chum Dé Iácob.

2 Glacaidh psalm, agus tugaidh an tiompán libh, an tsiterne thaighiúir maille ris an ccláirsigh.

3 Séidigh an stoc annsa ngealuidh núadh, annsa núair chinte, ló ar bhféile.

4 Oír is dligheadh so do Israel, reacht ó Dhía Iácob.

5 Mar fhiadhnuise do shuighidh sé é do Ióseph, a nuáir do chuáidh sé thríd thalamh na Hégipte: mar a ccúaluidh mé teanga nar thuigios.

6 Dáthruigh mé a ghúala ó núalach: do sáoradh a lámha ó na potuighibh.

7 A mbuáidhreadh do ghoir tú, agus do sháor mé thú; do fhreagair mé thú a nionad uáigneach na tóirnighe: do dhearbh mé thú láimh ré huisgeadhuibh Meribah. Selah.

8 Eist, ó mo phobal, agus do dhéanadsa fiaghnuise dhuit: ó Israel, ma eístir liom;

9 Ní biáidh ionnadsa día coimhthigheach; agus ní chláonfa tú thú féin do dhía coigcríche.

10 Is misi an TIGHEARNA do Dhía thug súas thú as crích na Hégipte: fosgail do bhéul go fairsing, agus líonfa misi é.

11 Acht níor éisdeadar mo dhaóine rem ghuth; agus níor umhluigh Israel damh.

12 Agus do léigios dóibh imtheachd a míangus a ccroidhe: do shiubhladar iona ccomhairle féin.

13 O dá néistfedís mo dhaóine riomsa, dá siubhladh Israel ann mo shlighthibh!

14 Do bhéuruinn a naimhde a núas go haithghéarr agus dfillfinn mo lámh air a neasccáirdibh.

15 Duimhleochaidis lucht fúatha an TIGHEARNA íad féin go fathach dhó; acht do bhíadh a naimsirsion go siorrúidhe.

16 Agus do bheathochadh sé íad le méuthus cruithneachda: agus le mil amach as an ccarruic do sháiseochuinn thú.