1 Tagair, a THIGHEARNA ris an mhuinntir cheannairgios riom: cathaigh ris an mhuinntir chathuighios am aghaidh.
2 Gabh greim do sceith agus do bhuicléir, agus seas súas dom chumhdach.
3 Agus tarruing amach an gath, agus stop an tslighe a naghaidh na muinntire bhuáidhrios mé: ráidh rem anam, Is misi do shlánughadh.
4 Claóidhtear agus náirighthear an lucht íarrus manam: iompóighthear air a nais agus claoithear an luchd noch smuáineas urchóid damh.
5 Bídís mar lóchán ós coinne na gaóithe: agus aingeal an TIGHEARNA gha rúagadh.
6 Bíodh a slighe na dhorchadus agus ro shleamhuin: agus aingeal an TIGHEARNA da ngérleanmhuin.
7 Oír is gan adhbhar do fholuigheadar a líon am choinnesi a log, noch do thochladar gan adhbhar a ccoinne manma.
8 Tigeadh milleadh airsion nach raibh a fhios aige; a líon noch dfoluigh sé gabhadh é féin: agus tuiteadh sé annsa milleadh sin féin.
9 Agus biáidh manamsa lúathgháireach annsa TIGHEARNA: do dhéanuidh sé gáirdeachus iona shlánughadh.
10 Déaruid mo chnámha uile, O a THIGHEARNA, cía is cosmhuil leachdsa, noch sháorus an bochd ó nduine atá ainneartmhar na aghaidh, agus an bocht agus an teasbhuidheach ón té mhillios é?
11 Déirigh fiaghnuise éagcórach súas; dfíafruigheadar dhíom an ní nár bhfeas damh.
12 Thugadar dhamh luáigheachd uilc a naghaidh maitheasa chum manma do mhilleadh.
13 Acht misi, a núair do bhádar easlán, bá saicéadach mo chulaidh: dumhluighios manam re troscadh; agus dfill mo ghuidhe am ucht féin.
14 Diomchras mé féin amhluidh is gur bhé mo charuid nó mo dhearbhrathair é: dumhluighios a nduibhéadach, mar an té do ní doilghios ar son a mhathar.
15 Acht ann mo ríachdanas do rinneadarsan gáirdeachus, agus do chruinnigheadar íad féin a naonáit: na ciothruimigh fós, do thionoladar a cceann a chéile am aghaidh, agus ní raibh a fhios agamsa; do réubadar, agas nior sguireadar.
16 Re clúanairibh magaidh ar chóisreachuibh, ag gíosgán ré na bhfíacluibh am aghaidhsi.
17 A THIGHEARNA, cá fad bhías tú dhá fhaicsin so? sáor manam ó na mbuáidhreadh, mo mhuirnín ó na leomhanuibh.
18 Do bhéarad buidheachus duitsi annsa ccomhdháil mhór: a measc mhoráin daóine molfa mé thú.
19 Na léig dom naimhdibh gáirdeachus do dhéanamh ós mo chionn go héagcórach: ná léig do luchd mfúaithighthe gan adhbhar a súil do chláonadh.
20 Oír ní labhraid síothcháin: agus tionnsgnuid bríathra cealgacha a naghaidh dhaóine socra na talmhan.
21 Agus dfoscladar a mbéul go fairsing am aghaidh, a dubhradar, Aha, aha, do chíd ar súile é.
22 Do chonnairc tú so, a THIGHEARNA: ná bí ad thochd: a THIGHEARNA, ná bí a bhfad uáim.
23 Corruigh súas thú féin, agus músgail chum mo bhreitheamhnuis, chum mo chúise, mo THIGHEARNA agus mo Dhía.
24 Beir breitheamhnus orum, do reír thfíréuntachda, ó a THIGHEARNA mo Dhía; agus ná gáirdighid ós mo chionn.
25 Ná habraid síad iona ccroidhe, Aha, ar nanam: ná habruid, Do shluigeamar súas é.
26 Náirighthear agus claóidhtear a néinfheachd an drong do ní gáirdiughadh ann molc: éaduighthear íad lé himdheargadh, agus neímhonoir noch mhóruighios íad féin am aghaidh.
27 Gáiredís lé lúathgáire, agus bídís gáirdeach, gach a bhfuil fabharthach dom fhíréuntachd: agus abraidís do ghnáth, Bíodh an TIGHEARNA móruighthe, agá bhfuil dúil a síothcháin a sheirbhísigh.
28 Agus foiliseochuigh mo theanga thfíréuntachd, agus do mholadh ar feadh an laói.