Psailm 103 BEDELL

Gairdeachus an tanam déis a shásughadh go mór le grásaibh Dé.

Psalm Dháibhi.

1 Beannuigh ó manam, an TIGHEARNA: agus mo íonathar uile, a ainm náomhtha.

2 Beannuigh, ó manam, an TIGHEARNA, agus ná dearmaid a thiodhlaicthe uile:

3 Noch mhaithios do chionnta uile; noch leighisíos huile easláintighe;

4 Noch fhúasglas hanam ó scrios; noch chuirios coróin mhaitheasa agus thrócáireadha chinéulta ort;

5 Noch shásuighios do bhéul ré maith; ata hóige ar na hathnúaghadh mar iolar.

6 Do ní an TIGHEARNA ceart agus breitheamhnus do gach áon a leathtrom.

7 Dfoillsigh sé a shlightheacha do Mhaóise, a oibreacha do chlannuibh Israel.

8 Atá an TIGHEARNA grásamhuil agus lán do thruáighe, fad fhuilingeach, agus diomud trócaire.

9 Ní bhiáidh sé choidhche a nimreasuin: ni mó chuinneochus sé a fhearg go síorruidhe.

10 Ní do réir ar ccionta do rinne sé dhúinn; agus ní do réir ar néigceirt thug sé luáidheacht dúinn.

11 Acht mar atá áirde na neamh ós cionn na talmhan, atá a oineach chomór sin don lucht air a bhfuil a eagla.

12 Comhfhad atá a náird shoir ó náird shíar, do chuir sé ar bpeacuidhe uáinne.

13 Mar bhíos truáighe ag athair dá chloinn, is marsin atá truáighe ag an TTIGHEARNA don lucht air a bhfuil a eagla.

14 Oír is aithne dhó ar bhfoirm; cuimhnigh sé gur luáithreadh sinn.

15 Atáid láethe an duine, mar an bhféur; mar bhláth an mhagha, is marsin bhías ag bláthughadh.

16 Oir téid an gháoth thairis, agus ní bhfuil sé ann; agus ní aitheonuidh a ionad féin é ó sin amach.

17 Acht atá trócaire an TIGHEARNA ó shíorruidheacht go síorruidheacht air an lucht air a bhfuil a eagla, agus a fhíréuntachd do mhacaibh mac;

18 Don lucht choimhéudas a chunnradh, don lucht chuimhnighios a aitheanta dá ndéanamh.

19 Do shuighidh an TIGHEARNA a chathaóir ríogha ar neamh; agus atá a ríoghacht ag ríaghlughadh ós cionn a nuile.

20 Beannuighesi an TIGHEARNA, a aingle féin, noch atá árrachdach a neart, ag comhall a aitheanta, ag tabhair aire do ghuth a bhreithre.

21 Beannuighe an TIGHEARNA, a shluaghsan uile; a luchd fritheóilte, noch do ní a thoil.

22 Beannuighe an TIGHEARNA, a oibreacha uile annsa nuile áit dá THIGHEARNAs: beannuigh ó manam, an TIGHEARNA.