1 O a THIGHEARNA Día, ionnadsa chuirim mo dhoigh: tárthuigh mé ó nuile noch ghérleanas mé, agus sáor mé:
2 Deagla go réubfeadh se manam amhuil leomhan, dhá strócadh a ccodchuibh, a nuáir uach bhfuil éinneach ann do ainicfeadh.
3 O a THIGHEARNA mo Dhía, má rinne mé so; má atá éacceart ann mo lámhuibh;
4 Má chuitigh mé olc ris an té do bhí a síothcháin riom; (fos, do ainic me an té noch atá na námhuid dhamh gan chúis:)
5 Déanadh mo námhaid gérleanmhuin air manam, agus gabhadh sé é; fós, saltradh sé síos mo bheatha air an ttalamh, agus léigeadh sé monóir san luáithreadh. Selah.
6 Eírigh, a THIGHEARNA, an thfeirg, tóg súas thú féin tre anbhuirbe mo naimhdesi: agus múscuil ar mo shonsa chum an bhreitheamhnuis noch do fhúagruis.
7 Mar sin cruinneochuid coimhthionól na ndaoine ad thimchioll: air a sonsan uimesin fillsi air árd.
8 Béaruidh an TIGHEARNA breitheamhnus air an bpobal: breathnuigh misi, ó a THIGHEARNA, do reír mfiréantachda, agus do reír mo dhíoghruisi noch atá ionnam.
9 O críochnuigheadh olc na cciontach; acht daingnigh an duine ceart: óir dearbhuidh an Día fíréanta na croidhthe agus na dubháin.
10 Is o Dhía atá mo chosnamh, noch sháoras an direach a ccroidhe.
11 Do ní Día breitheamhnus air an bhfíréun, agus bí Día feargach ris an cciontach gach éanlá.
12 Muna bhfillidh sé, cuirfe sé fáobhair air a chloidheamh; do lúb sé a bhodha, agus do rinne sé ullamh é.
13 Do ghléus sé dhó mar an ccéadna oirnéis an bháis; dórduigh sé a shaigheada a naghaidh na ninghreamach.
14 Féuch, bídh sé torrach le héicceart, agus do ghabh sé urchóid, agus do rug sé neimhfhírinne.
15 Do rinne sé clais, agus do thochuil sé í, agus atá ar ttuitim annsa pholl noch do rinne sé féin.
16 Fillfidh a urchóid air a cheann féin, agus tiocfuidh a fhoiréigion námhadach a núas air a bhaithis féin.
17 Molfad an TIGHEARNA do réir a fhíréantachda: agus cánfad moladh dainm an TIGHEARNA is ro áirde.