1 Molfa mé thú lem uile chroidhe: ós coinne na ndée canfa mé salm dhuit.
2 Do dhéana mé adhra chum páláis do náomhthachta, agus molfa mé hainm ar son do thrócaire agus thfírinne: óir do mhóraidh tú do bhríathar red ainm uile.
3 Annsa ló mar do gháir mé do fhreagair tú mé, do fhairsingidh tú neart ann manam.
4 A THIGHEARNA, molfaid ríghthe na talmhan thú, óir do chualadar bríathra do bhéil.
5 Agus do dhéanaid céol a slighthibh an TIGHEARNA: óir is mór glóir an TIGHEARNA.
6 Bíodh gur hárd an TIGHEARNA, gidheadh do chí sé an túmhal: agus aithnighe sé an tuáibhreach a bhfad úadh.
7 Má shiúbhluim a meadhón an chúmhgaidh, aithbheochuidh tusa mé: ar son fheirge mo námhad sínfe tú úait do lámh, agus tárthocair mé lé do láimh dheis.
8 Coimhlíonfa an TIGHEARNA a obair ar mo shonsa: atá do thrócaire, a THIGHEARNA, go síorruidhe: ná tréig obair do