Psailm 17 BEDELL

An duine diagha ag tagra ré na naimhdibh.

Urnaigh Dháibhi.

1 Eist an ceart, a THIGHEARNA, tabhair aire dom éighiomh, tabhair clúas dom urnuigh, noch imthigheann amach as pusuibh meabhlacha.

2 Tigeadh mo bhreitheamhnus amach ód lathair; tugaidís do shúile aire do na neithibh atá comhthrom.

3 Do dhearbhuis mo chroidhe; do fhiosruighis sa noidhche; do dhearbhuis mé, agus ní bhfuighir éainní; is mían liom nach cciontochuidh mo bhéul.

4 A ttáobh oibreach na ndaóine, lé breithir do phussa do sheachain mé casáin an scriostóra.

5 Connuimh súas mo imtheachd ann do chasánuibh, chor nach sleamhnochuid coischéime mo chos.

6 Do ghoireas ort, oír cluinfir mé, ó a Dhé: cláon do chlúas chugam, agus éist mo chomhrádh.

7 Taisbéin do chinéul grádhach iongantach, ó thusa noch sháorus led láimh dheis an luchd do chuirios a ndóigh ionnad ón mhuinntir noch éirghios súas na naghaidh.

8 Coimhéad mé mar mheall na súl, foluigh mé faói scáile do sciathán,

9 O na ciontachuibh noch sháruighios mé, óm naimhdibh marbhthacha, noch thimchiollas mé fa ccuairt.

10 Atáid síad dlúithithe iona méuthus fein: le na mbeul labhruid go huáibhreach.

11 Do thimchiolladar anois sinn ionar ccoiscéimibh: do chuireadar a súile ag cromadh síos chum na talmhan;

12 Amhuil leomhan noch ata geanach chum a chreiche, agus mar leomhan óg ag forchoimhéad a nionaduibh díamhara.

13 Eírigh, ó a THIGHEARNA, toirmisc é, teilg sios é: fúasguil manam ó na cionntachaibh, red chloidheamh:

14 O dhaóinibh red láimh, a THIGHEARNA, ó dhaóinibh an tsáoghail, agá bhfuil a ccuid annsna mbeathaso, ag ar líonuis a mbuilg led ionnmhus foluigheach: atáid síad lán do chloinn, agus fágbhuid an chuid oile dá maóin agá naóidheanuibh.

15 Air mo shonsa, do bhéara mé aire dot ghnúisi a bhfíréantacht: biáidh mé sásuigh, an tan mhúisgeolus mé, led chosamhlacht.