Psailm 136 BEDELL

Atá Dia ar na mhórughadh arson a oibre iomadamhuil, fhíor-neartmhur.

1 Moluidh an TIGHEARNA; óir is maith é: óir mairigh a thrócaire choidhche.

2 Moluidh Día na ndée: óir mairigh a thrócaire choidhche.

3 Moluidh TIGHEARNA na TTIGHEARNAdh: óir mairigh a thrócaire choidhche.

4 An té do ní ionganta móra: óir mairigh a thrócaire choidhche.

5 An té do rinne na flaithis le heagna: óir mairigh a thrócaire choidhche.

6 An té do shín amach an talamh ós cionn na nuisgeadh: óir mairigh a thrócaire choidhche.

7 An té do rinne soillsighe móra: óir mairigh a thrócaire choidhche.

8 An ghrían do riaghladh san ló: óir mairigh a thrócaire choidhche.

9 An ghealach agus na réalta do riaghladh na hoidhche: óir mairigh a thrócaire choidhche.

10 An té do bhuail a Négipte maille re na céidgheinibh: óir mairigh a thrócaire choidhche.

11 Agus thug Israel as a meadhón sin: óir mairigh a thrócaire choidhche.

12 Le láimh láidir, agus le rígh sínte amach: óir mairigh a thrócaire choidhche.

13 An té do roinn an mhuir Rúadh a ndá chuid: óir mairigh a thrócaire choidhche.

14 Agus thug air Israel dul thríd a meadhon: óir mairigh a thrócaire choidhche.

15 Agus do chlaóidh Pháraoh agus a shlúagh annsa muir Ruáidh: óir mairigh a thrócaire choidhche.

16 An té do thréoruidh a dhaoine san díothramh: óir mairigh a thrócaire choidhche.

17 An té do bhuáil ríghthe móra: óir mairigh a thrócaire choidhche.

18 Agus do mharbh ríghthe oirdhearca: óir mairigh a thrócaire choidhche.

19 Sihon rígh na Namoríteach: óir mairigh a thrócaire choidhche.

20 Agus Og rígh Básan: óir mairigh a thrócaire choidhche.

21 Agus thug a bhfearann mar oighreachd: óir mairigh a thrócaire choidhche.

22 Oighreacht Dísrael a sheirbhíseach: óir mairigh a thrócaire choidhche.

23 Noch do chuimhnigh oruinn ionar staid uirísil: óir mairigh a thrócaire choidhche.

24 Agus dfúasgail sinn ó ar naimhdibh: óir mairigh a thrócaire choidhche.

25 Do bheir sé arán do nuile fheóil: óir mairigh a thrócaire choidhche.

26 Moluidh Día nimhe: óir mairigh a thrócaire choidhche.