1 A Dhé, thangadar na geinte a steach ann hoighreacht; do thruáilligheadar teampall do naomhthachda; do leagadar Ierusalem na cárnaibh.
2 Thugadar cuirp mharbha do sheirbhíseach mar bhíadh déanlaith a naiéir, feól do náomh dainmhintibh na talmhan.
3 Do dhóirteadar a bhfuil mar uisge timchioll fá gcuáirt Ierusalem; agus ní raibh áon do adhlacadh íad.
4 Atámuid ar scannail ag ar ccomharsanaibh, ar ttarcuisne agus ar magadh ag an lucht atá ar gach táobh dhinn.
5 Cá fad, a THIGHEARNA? bhías tú feargach go bráth? an lasfuidh héad mar théine?
6 Dóirt thfearg amach ar na geintibh da nach aithne thú, agus air rioghachtaibh nar ghoir air hainm.
7 Oír a dúadar Iácob, agus do rinneadar fásach dá ionad comhnuigh.
8 Ná cuimhnigh ar naghaidh peacaidh ar sinnsior: tárrthuigheadh do thrócaire sinn go lúath, óir tugadh go ro ísiol sinn.
9 Cabhruidh sinn, a Dhé ar slánuighthe, ar son glóire hanma féin: agus sáor sinn, agus glan sinn ó ar bpeacadhuibh, ar son hanma féin.
10 Cred fá naibéoraidís na geinte, Cáit a bhfuil a Ndía? go naitheantar é a measc na ngeinteadh ós coinne ar súl ré dioghaltas fola do sheirbhíseach noch do dóirteadh.
11 Tigeadh osnadhach an phríosúnaigh ós do choinne; do réir árrachdais do láimhe tárrtháilse na luchd do hórduigheadh chum báis;
12 Agus tabhair dar ccomharsanaibh a sheachd noirid iona mbrollach a scannail féin, re ar scannluigheadar thusa, a THIGHEARNA.
13 Agus sinne do dhaóine agus caóirigh hinnbhir bhéaram buidheachus duit go bráth: agus molfam thú ó ghinealach go ginealach.