1 Molaidh an TIGHEARNA. Molfa misi an TIGHEARNA rém chroidhe iomláin, a ccomhdháil na ndíreach, agus annsa ccoimhthional.
2 Is adhbhal oibreacha an TIGHEARNA, ar na ttaisbeanadh do nuile dhuine, agá bhfuil dúil ionnta.
3 Is glóir agus is dathamhlachd a obair: agus seasuidh a fhíréantachd choidhche.
4 Do chuir sé a oibreacha iongantacha air cuimhne: atá an TIGHEARNA grásamhuil agus lán do thruáighe.
5 Thug sé bíadh don lucht ar a bhfuil a eagla: cuimhneóchuidh sé a chonnradh go bráth.
6 Do thaisbéin sé cumhachta a oibreach dá dhaóinibh, do thabhairt oighreachda na ngeinteadh dhóibh.
7 Fírinne agus breitheamhnus a síad oibreacha a lámh; atáid a aitheanta uile coinghiollach.
8 Atáid ar na suighiughadh go bráth, ullamh a bhfírinne agus a cceart.
9 Do chuir sé fuasgladh chum a dhaóine: daithin sé go síorruidhe a chonnradh: is náomhtha agus onórach a ainm.
10 Asé eagla Dé tosach na heagna: is maith an tuigse atá acasan uile do ní a aitheanta: mairigh a mholadh go bráth.