Psailm 74 BEDELL

Urnaigh ag iarraidh furtachd don eagluis ro bhrúighte.

Psalm teagaisg Asaph.

1 Cred fár theilgis uáit go bráth sinn, a Dhé? a ndéana thfearg deatach a naghaidh cháorach hinnbhir féin?

2 Coimhnigh do choimhthionól, noch do cheannuigh tú fada ó shin; dfúascail tú slat hoighreachta; do chnoc Sion, ann ar chomhnúighis.

3 Tóg súas do chosa chum na bhfásach síorruidhe; a nuile olc da ndéarnaidh an námhaid annsa tsanctóra.

4 Béicidh do naimhde a meadhon do choimhthionól; do sháitheadar a mbratacha mar chomharthaibh.

5 Bá clúiteach an té noch do thógadh a thúaidh go hárd ar thiugh na coille.

6 A nois mar an ccéadna buailid síos a obair cheirbheireachda re tuadhuibh agus re hórduibh.

7 Do chuireadar an tsanctóir tre theine go talamh, do thruáilligheadar ionad comhnuidhe hanmasa.

8 A dubhradar iona gcroidhthibh, Scriosam íad a naóinfheachd: do chuireadar tré theine gach uile choimhthionól re Día annsa dúithche.

9 Ní fhaicmíd ar ccomharthadha: ní bhfuil áon fháidh ní as mó: ní mó atá áon agá bhfuil a fhios cá fad.

10 Cá fad, a Dhé, bhías a neasccara ag scannlughadh? an mbía an námhuid ag tarcuisniughadh choidhche?

11 Cred fá bhfillionn tú do lámh, do lámh dheas féin? connaimh í ó lár do bhrolluigh.

12 Oír se Día mo Rígh a ríamh, ag oibriughadh slánuighthe a meadhon na talmhan.

13 Do roinn tú a nfairge léd neart: do bhris tú cinn na ndragún annsna huisgeadhuibh.

14 Do bhrúighis cinn an lebhíatan; thugais é mar bhíadh do na daóinibh annsa bhfásach.

15 Do scoilt tú toibreacha agus srotha: do rinnis aibhne móra tirim.

16 Is duitsi is dual an lá, is leatsa fós a noidhche: dórduigh tú an solus agus an ghrían.

17 Do shuighidh tú imiol na talmhan uile: do chum tú samhradh agus geimhreadh.

18 Cuimhnigh so, a THIGHEARNA, gur scannluigh an námhuid, agus gur tharcuisnigheadar na daóine leamha hainm.

19 Ná tabhair anam do cholum do chuideachda na námhad: coimhthionól do bhochd ná dearmaid choidhche.

20 Tabhair haire don chonradh: óir atáid áitreabhuigh dorcha na talmhan lán dáitribh foiréigin.

21 Na léig do lucht an leatruim filleadh fa náire: molaid na boicht agus na huireasbhacha hainm.

22 Eírigh, a Dhé, tagair do chúis féin: cuimhnigh do tharcuisne ó namadán air feadh an laói.

23 Ná dearmuid guth do námhad: an luchd éirghios ad aghaidh ag méudughadh a gcomhnuighe.