Psailm 32 BEDELL

An dara Psalm aithrighe.

Psalm tegaisg Dháibhi.

1 Is sona an té agá bhfuil a chionnta ar na maitheamh, agus a pheacadh ar na fholach.

2 Is beanuighe an té noch nach cuirionn an TIGHEARNA peacadh na leith, agus ag nach bhfuil cealg iona spioraid.

3 A nuáir do bhí mé am thochd, dfásadar mo chnámha foirfe do bhrígh mo bhúirfeadha ar feadh an laói.

4 Oír do bhí do lámh trom orum do ló agus doidhche: do hiompóigheadh mo fhlicheachd a ttart samhraidh. Selah.

5 Dadmhaidh mé mo pheacadh dhuitse, agus níor fholuigh mé mo chionta. A dubhairt mé, Aideomhad maindlighthe don TIGHEARNA; agus do mhaith tú urchóid mo pheacaidh. Selah.

6 Ar a nadhbharsin do dhéana a nuile dhuine díadha urnuigh chugadsa a nam thfaghala: go deimhin a ttuilte uisgeadha móra ní thiocfuid a ngar dhósan.

7 Is tú mionad foluigh; coiseonuidh tú mé ó bhuáidhreadh; ré gáirdeachus sáortha tiucfuir fá ccuáirt am thimchioll. Selah.

8 Teagosfa mé thú, agus múinfead thú san tslighe iona ngéubhair: do bhéar comhairle dhuit ré mo shúil do beith ort.

9 Ná bíthí mar a neach, nó mar an múille, ag nach bhfuil tuicsi: is iníadhta a bhéul re béulmhach agus re srían, deagla go ttiucfadh sé a ngar dhuit.

10 Atáid iomad doilghios don pheacach: acht tiucfa trócaire, a ttimchíoll an té chuireas a dhóthchus annsa TIGHEARNA.

11 Déanuidh gáirdeachus annsa TIGHEARNA, agus bíthí lúathgháireach, sibhsi a fhíréuna: agus déanuidh lúathgháir, sibhsi uile noch atá díreach a ccroidhe.