Psailm 38 BEDELL

An treas psalm aithrighe.

Psalm Dháibhi do chur a ccoimhne.

1 A THIGHEARNA, ná himdhearg mé ann thfeirg: agus ná smachduigh mé ann do dhiomdha té.

2 Oír atáid do shoighde na seasamh go daingion ionnum, agus atá do lámh dom bhrughadh go doirbh.

3 Ní bhfuil sláinte ar bith ann mfeóil do bhrígh thfeirgesi; ní bhfuil síothcháin am chnámhuibh do bhrígh mo pheacaidh.

4 Oír do chúadar mo chionta ós mo cheann: mar úalach trom atáid ro throm agam.

5 Atáid mo chréachda morcuidhthe agus atáid bréun do bhrígh mo leimhe.

6 Atáim crotach; atáim ag cláonadh síos go hiomarcach; siubhluim a ndoilghios ar feadh an laói uile.

7 Oír atáid mo shlíasta dá losgadh; agus ní bhfuil falláine ar bith ann mfeóil.

8 Atáim anbhfann agus ar mo bhualadh go neimhneach: do nuáill mé ar son mhíoshuaimhnis mo chroidhe.

9 A THIGHEARNA, is ós do choinne atá mo mhían uile; agus níor folchadh mosnadhach ortsa.

10 Atá mo chroidhe luáimhneach, tréigidh mo neart mé: agus ní bhfuil solus féin mo shúl agam.

11 Seasaid máos grádha agus mo cháirde gan bheith a lathair mo bhuilleadh; agus seasaid mo ghaol a bhfad uáim.

12 Agus an luchd atá ag tóruigheachd ar manam cuirid paintéir romham: agus an drong íarras molc labhraid urchóid, agus smuainid cealga ar feadh an laói.

13 Acht misi, amhuil duine boghar, ní chluinim; agus mar dhuine bhalbh nach bhfosclann a bheul.

14 Mar so do bhi mé mar dhuine nach ccluinionn, agus ag nach bhfuil achmhusan iona bhéul.

15 Oír ionnadsa, a THIGHEARNA, cuirim mo dhóthchus: do bhéarair freagrá, ó a THIGHEARNA mo Dhía.

16 Oír a dubhrus, Deagla go ndéindís gáirdeáchus orum: a núair chorruigheas mo chos, móruighid íad féin am aghaidh.

17 Oír atáim ollamh chum bheith bacach, agus atá mo dhoilghios air maghaidh do ghnáth.

18 Oír foillseochaidh mé mo chionta; agus bíad dhoilghiosach air son mo pheacaidh.

19 Acht atáid mo náimhde béodha, atáid neartmhar: agus atáid ar na níomadughadh noch fhúathuighios mé go bréugach.

20 Agus an drong thoirbhearus olc ar son maitheasa atáid na naimhdibh agam; do bhrígh go leanuim an mhaith.

21 Ná tréig mé, a THIGHEARNA: mo Dhía, na bí a bhfad uáim.

22 Déana deithfir chum mfúrtachda, ó a THIGHEARNA mo shlánughadh.