1 Saor mé, a THIGHEARNA, ón drochdhuine: ó fhior a nfoiréigin coimhéad mé;
2 Noch smuáinios urchóid a gcroidhe; cruinnighid ar feadh an laói a gceann a chéile chum cogaidh.
3 Do ghéaruigheadar a tteangtha amhuil naithir nimhe; atá nimh naithreach iona mbéul. Selah.
4 Coimhéad mé, a THIGHEARNA, ó lámhaibh na cciontach; dídin mé ó fhior a nfoiréigin; noch shaóilios mo choiscéime do chlaóidh.
5 Dfoluigheadar na huáibhrigh an paintéar am choinne, agus corduighe; do shíneadar líon ré taobh na slígheadh: do chuireadar innle am choinne. Selah.
6 A dubhairt mé ris an TTIGHEARNA, Is tusa mo Dhía: cluin a THIGHEARNA, guth mathchuingheadh.
7 A THIGHEARNA a Dhé, neart mo shlánuighthe, dfholuigh tú mo cheann a ló an chatha.
8 Ná deónuidh, a THIGHEARNA, míana na gciontach: agus ná críochnuigh a ndroch tionnsgnamh; go nach áirdeochuid íad féin. Selah.
9 Ar son cheann ndaóine noch thimchiollas mé fá gcuáirt, folchadh tubaisde a mbéil féin íad.
10 Tuiteadh orra sméaróidighe ar na lasadh: teilgthear annsa teine íad; a bpollaibh doimhne, iondus nach néirghid aris.
11 Ná daingnithior fear dhrochtheangtha ar talamh: fear a nfoiréigin do dhéana urchaid sealgidh air chum a dhíbeartha.
12 Is aithne dhamh go ndéana an TIGHEARNA ceart don bhuáidhearthach, agus breitheamhnus do nuireasbhuidheach.
13 Go deimhin molfa an firéun hainm: biáidh an ceart na chomhnuidhe ar haghaidh.