1 Beinneochuidh mé an TIGHEARNA gach uile uáir: biáidh a mholadh ann mó bhéul a ccomhnuigh.
2 Annsa TTIGHEARNA do dhéana manam glóir: cluinfe an tumhal é, agus biáidh lúathgháireach.
3 Móruidhe an TIGHEARNA leamsa, agus árduighemid a ainm a néinfheachd.
4 Díarr mé an TIGHEARNA, agus do chúaluidh sé mé, agus do sháor mé óm eagla uile.
5 Dféuchadar chuige, agus do shoillsíughadh íad: agus ní raibh náire ar a naighthibh.
6 Do gháir an duine bochtso, agus do chúaluidh an TIGHEARNA é agus do sháor é ó na uile bhuáidhreadh.
7 Do ní aingeal an TIGHEARNA campa go cruinn a ttimchioll na druinge air a mbí a eagla, agus sáoruidh sé íad.
8 Blaisidh, agus féuchuidh gur maith an TIGHEARNA: is beannuigh an duine agá mbí a dhóigh ann.
9 Bíodh eagla an TIGHEARNA oruibh, sibhsi a naomha féin: oír ní bhfuil uireasbhuidh air an luchd air a bhfuil a eagla.
10 Bíth uireasbhuidh air na leomhnuibh óga, agus fuilingid ocrus: acht ní bhiáidh uireasbhuidh éanmhaitheasa ar an luchd íarrus an TIGHEARNA.
11 Tigidh, a chlann, éistigh riomsa: teagaisgfead eagla an TIGHEARNA dhibh.
12 Cía hé an duine ler mían beatha, ler bionmhúin iomad láetheadh, dfaicsin maitheasa?
13 Coimhéad do theanga ó urchóid, agus do bhéul ó labhradh ceilge.
14 Dealuidh ris a nolc, agus deán maith; íarr síothcháin, agus lean í.
15 Atáid súile an TIGHEARNA chum na bhfiréin, agus a chlúasa chum a ccomharc.
16 Atá aghaidh an TIGHEARNA a naghaidh na druinge do ní olc, chum a ccuimhne do ghearradh ón talamh.
17 Gáirid na fíréin, agus do chluin an TIGHEARNA, agus sáoruidh íad ó na nuile anacra.
18 As fogus an TIGHEARNA don druing agá bhfuil a ccroidhe briste; agus sáorfuidh na comhbhrúighte a spioraid.
19 Is iomdha crádh air an bhfíréun: gidheadh sáorfuidh an TIGHEARNA úatha uile é.
20 Cumhduigh sé a chnámha uile: ní bristear áon díobh.
21 Acht muirfidh an tolc an cionntach: agus sgriosfuighear an luchd agá bhfuil fúath air an bhfíréun.
22 Fuasgluidh an TIGHEARNA anam a sheirbhíseach: agus ní scriosfuighthear an mhéid chuirfios a ndóigh ann.