Psailm 144 BEDELL

Buidheachas a ndiáigh buaigh: 12 agus urnaigh a leith a naós óg.

Psalm Dháibhi.

1 Go madh beannuigh an TIGHEARNA mo charruic, noch mhúinios mo lámha chum catha, mo mhéir chum cogaidh.

2 Mo thrócaire, agus mo dhaingionn; mo dhídion, agus mfear sáortha, mo sgiath, agus an té ann a gcuirim mo dhóigh; noch umhluighios mo dhaóine fúm.

3 A THIGHEARNA, cred é an duine, as a mbeirionn tú aithne air ! mac an duine, as a ttugann tú meas air !

4 Is cosmhuil an duine le díomhaoinios; atáid a láethe mar scáile ag dul seacha.

5 A THIGHEARNA, cláon do fhlaithis, agus tárr a núas: bain ris na sléibhtibh, agus do dhéanaid deatach.

6 Teilg uáit amach tinnteach, agus spréidh íad: cuir uáit amach do shoighde, agus claóidh íad.

7 Cuir uáit do lámh ó a núas; sáor mé, agus tárthaigh mé ó na huisgeadhuibh móra, ó láimh na cloinne coigcríghe;

8 Noch a labhraid a mbéil díomhaóinios, agus a lámh deas gur lámh deas bhréige í.

9 O a Dhé, canfa mé caintic núadh dhuit: air an tsailmchéolach agus air instrument deith ttéad chanfas mé sailm dhuit.

10 An té do bheir slánughadh do ríghthibh: an te thárthuighios Dáibhi a sheirbhíseach ó chloidhiomh a nuilc:

11 Tárthuigh, agus sáor mé ó láimh ccloinne an choimhthighidh, noch a labhrann a mbéul díomhaoineas, agus a lámh dheas gur lámh dheas bhréige í:

12 Ionnus go rabhaid ar mic mar plannduighe móra ag fas iona nóige; ar ningheana mar clocha cuinne ar na ngearradh, do réir chosamhlacht pháláis:

13 Ar sgiobóil lán, ag tabhairt a nuile chinéul stóir úatha; ar dtréada ag breith mílte agus deich mílte ionar sráidibh:

14 Ar ndaimh ladir chum oibrighe; gan briseadh a steach, ná dul amach; ná gearán ann ar sráidibh.

15 Is sona na daóine, atá annsa riochdsa: as sona na daóine, gha bhfuil an TIGHEARNA na Dhía aca.