Psailm 31 BEDELL

Gabhaidh sé dóthchus thuille fuasclaidh, as an chobhair do fríth cheana.

Don phrímhfhear ceóil, Psalm Dháibhi.

1 Ionnadsa, a THIGHEARNA, chuirim mo dhóthchus; ná léig mo náiriughadh go bráth: sáor mé ann thfiréantachd.

2 Cláon do chlúas chugam; sáor mé go lúath: bí dhamhsa ad charruig neirt, gus mar thigh cumhduigh dom dhídion.

3 Oír is tú mo charruig agus mo dhaingion; air a nadhbharsin ar son thanma tréoruidh mé, agus dírigh mé.

4 Tarruing amach mé as an líon noch do fholuigheadar am choinne: óir is tú mo neart.

5 Ann do láimhsi chuirim mo spiorad: dfúasguil tú mé, a THIGHEARNA Día na fírinne.

6 Fúathighim an luchd choimhéadas díomháoineas bréagach: acht cuirim mo dhóthchus annsa TTIGHEARNA.

7 Bíad lúathghaireach agus do dhéan gáirdeachus ann do thrócaire: oír do chonnairc tú mo bhuáidhreadh; agus daithin tú manam a néigion;

8 Agus nior thoirbhir tú mé a láimh mo námhad: do chuiris mo chosa a nionad fháirsing.

9 Déan trócaire orum, a THIGHEARNA, óir atáim a mbúaidhreadh: atá mo shúil ar na cnáoi le díbhfheirg, manam fós, agus mo bholg.

10 Oír do caitheadh mo bheatha le doilghios, agus mo bhlíadhna re hosnadhuibh: do laghduigh mo neart tre méaigceart, agus atáid mo chnámha ar na ccnaói.

11 Do bhí mé am scannail a measc measccarad uile, agus go háirigh dom chomharsanuibh, agus am eagla dom luchd aitheantuis: an lucht do chonnairc amuigh mé do theitheadar uáim.

12 Atáim ar dearmad mar dhuine mharbh as cuimhne: atáim mar shoitheach bhriste.

13 Oír do chúalaidh mé scannuil mhóráin: eagla air gach áontaóibh: an feadh do bhádar ag déanamh comhairle a néainfheachd am aghaidh, do thionnsgnadar manam do bhuain asum.

14 Acht ionnadsa do chuir misi mo dhóthchus, a THIGHEARNA: a dúbhrus, Is tú mo Dhía.

15 Atáid maimseara ad láimhse: sáor mé ó láimh mo námhad, óm luchd ainleamhuna.

16 Tabhair ar haghaidh lonnrughadh air do sheirbhíseach: tárthuigh mé ar son do thrócaire.

17 A THIGHEARNA, na léig mo náiriughadh; óir do ghoir mé órtsa: náirighthear na ciontuigh, curthar na ttochd sa núaigh íad.

18 Déantar pussa na mbréug balbh; noch labhrus neithe géura a naghaidh na bhfíréun re húabhar agus re tarcuisne.

19 O cred méad do mhaitheasa, noch do thaisgidh tú don luchd air a mbí heagla; doibrigh tú don luchd chuirios a ndóthchus ionnad a lathair mhac na ndaóine!

20 Foileochuidh tú íad a nuáignios ad fhiaghnuise ó úabhar an duine: foileochuidh tú íad ann do thabernacuil ó imreasan na tteangtha.

21 Go madh beannuigh an TIGHEARNA: óir do rínne sé a chinéul ro iongantach dhamhsa a ccathruigh dhaingin.

22 Oír a dubhrus ann mo dheithnios, Atáim ar mo ghearradh amach ód radharc: gidheadh do chúala tú guth mo ghearáin a nuáir do gháir mé chugad.

23 Grádhuighidh an TIGHEARNA, ó sibhsi a náoimh féin uile: coímhéaduigh an TIGHEARNA an firinneach slán, agus díoluidh a luáidheachd ris a núaibhreach.

24 Bídhidh láidir, agus neirteochuidh sé bhur ccroidhe, sibhsi uile agá bhfuil bhur ndóigh san TIGHEARNA.