1 Moluidhsi an TIGHEARNA: óir is maith sailm do chanadh dár Ndía; óir is dathamhuil; agus is aóibhinn a mholadh.
2 Foirgnighe an TIGHEARNA lerusalem: cruinnigh sé a gceann a chéile díbearthoigh Israel.
3 Leighiosuigh an briste a ccroidhe, agus ceangluigh súas a ndoilghiosa.
4 Aírmhigh sé úibhir na réultann; do bheir sé anmanna orra uile.
5 Is mór an TIGHEARNA, agus is mór chumhachtach: ní bhfuil áireamh ar a thuigsin.
6 Togbhuidh an TIGHEARNA súas an ceannsuigh: teilgidh an ciontach síos chum na talmhan.
7 Canaidh don TIGHEARNA ré moladh; canaidh sailm chum ar Ndé air an gcláirsigh:
8 Noch fholchus neamh ré néulluibh, noch ullmhuighias fearthuinn don talamh, noch do bheir air fhéur fás air na sléibhtibh.
9 Do bheir sé do nainmhidhe a bhíadh, agus do na fíachoibh óga noch gháirios,
10 Ní bhí a dhúil a neart a neich: ní bhíonn dúil aige a ccosaibh an duine.
11 Bí dúil aig an TTIGHEARNA annsa lucht air a mbí a éagla, noch chuirios dóigh iona thrócaire.
12 Mol an TIGHEARNA, ó lerusalem; molsa do Dhía, a Shíon.
13 Oír do neartuigh sé barradha do dhoirsi; do bheannuigh sé do leinibh ann do mheadhón.
14 Suidhidhe sé síothcháin ann himiol, lé méathas cruithneachta sásuighe sé thú.
15 Cuiridh sé a rádha air án ttalamh: is ro lúath rithios a bhríathar.
16 Do bheir sé úadh sneachta amhuil olann: spréidhe sé an sioc liath amhuil luáith.
17 Teilgidh sé amach a leac oidhre mar ghreamanna: cia fhéadas seasamh ós cuinne a fhúachd?
18 Cuiridh sé a bhríathar úadh, agus leagha sé íad: seidfe lé na anáil, agus rithid na huisgeadha.
19 Foillsighe sé a bhríathar do Iácob, a statúidigh agus a bhreitheamhnuis Dísraél.
20 Ní dhéarnuidh amhluidhsin do chineadh ar bith: agus a bhreitheamhnuis, níor bhaithne dhóibh íad. Moluidh an TIGHEARNA.