Psailm 88 BEDELL

Urnaigh ghearánach thruaghóin, ar tí éuga.

Caintic no Psalm do chloinn Córah, don phrímhfhear ceóil air Mahalat-Leannot, Psalm teagaisg Heman an Tesrahíteach.

1 A THIGHEARNA a Dhé mo shlánuighthe, do ghoir mé do ló agus doidhche air haghaidh:

2 Tigeadh múrnaigh dot lathair: claón a nuas do chlúas chum méighmhe;

3 Oír atá manam lionta lé holcaibh: agas atá mo bheatha ag tarruing a ngar difrionn.

4 Aírighthear mé maráon ris an lucht théid síos annsa log: atáim mar dhuine ann nach bhfuil neart ar bith:

5 Sáor a measc na marbh, mar na mairbh atá na luighe annsa nuáidh, air nach ccuimhnighionn tusa nísa mhó: noch do gearradh amach le do láimhse.

6 Do chuiris mé annsa log íochdarach, a ndorchadus, annsna háitibh doimhne.

7 Is orumsa chomhnuigheas do dhíbhfhearg, agus do bhuáidhris mé red uile thonnuibh. Selah.

8 Do áthraidh tú a bhfad uáim mo luchd cumuinn; do rinnis am úathbhás dóibh mé: atáim ar míadhagh a stigh, agus ní fhéadam teachd amach.

9 Do ní mo shúil doilghios cionnus atáim buáidheartha: do ghoirios ortsa a THIGHEARNA, ar feadh an laói, do shíneas amach mo lámha chugad.

10 A ndéana tú do na marbhuibh iongnadh? a néireochuidh an drong fuáir bás dot mholadh? Selah.

11 An bhfoillseochthar do thrócaire san nuáidh? thfírinne a ndíothláithriughadh?

12 A naitheontar hobair iongantach annsa dorchadas? thfíréantachd a dtalamh an dearmaid?

13 Acht chughadsa do ghoireas, a THIGHEARNA; tiucfa murnaigh ar maidin ós do choinne.

14 A THIGHEARNA, cred fa tteilgir seachad manam? cred fa bhfolchann tú haghaidh orum?

15 Duine bocht troirthlighe misi óm óige: fuilingim húathbhássa atáim air mo bhuáidhreadh.

16 Do chuáidh thfearg aidhmhéil thorum; do ghearradar húathbháis amach mé.

17 Do ghabhadar am thimchioll amhuil uisge ar feadh an laói; thangadar go croinn a néinfheachd am thimchioll.

18 Do áthruigh tú a bhfad uáim fear grádha, agus cara agus an lucht dar bhaithne mé a ndorchadas.