Psailm 115 BEDELL

Dee na nccíneadhach gan aithne gan fhóghna.

1 Ní dúinne, a THIGHEARNA, ní dúinne, acht dot ainm féin tabhair glóir, ar son do thrócaire, agus thfírinne.

2 Cred fa naibeoraidís na geinte, Cáit a nois a bhfuil a Ndía?

3 Acht atá ar Ndíane annsna neamhuibh: a nuile ní dob áill leis do rinne sé.

4 Is airgiod agus ór a níomháighthe, obair láimhe duine.

5 Atá béul aca, agus ní labhruid: atáid súile aca, agus ní fhaicid síad:

6 Atáid chlúasa aca, agus ní chluinid: atá srón aca, agus ní bholtnuighid.

7 Atáid lámha aca, agus ní mhothuighid: atáid cosa aca, agus ní shiubhluid: ní labhruid síad le na scórnuigh.

8 Is cosmhuil ríu an lucht do ní íad; a nuile duine chuirios a dhóigh ionta.

9 O Israel, cuirsi do dhóigh annsa TIGHEARNA: is eision a bhfear tárthala agus a sgíath.

10 O a thigh Aaron, cuiridhsi bhur ndóigh annsa TIGHEARNA: is eision a bhféar tárthala agus a sgíath.

11 Sibhsi noch air a bhfuil eagla an TIGHEARNA, cuiridh bhur ndóigh annsa TIGHEARNA: is eision a bhfear tárthala agus a sgíath.

12 An TIGHEARNA noch do chuimhnidh sinn beinneochuidh sé sinn; beinneochuidh sé tigh Israel; beinneochuidh sé tigh Aaron.

13 Beinneochuidh sé an lucht air a bhfuil eagla an TIGHEARNA, an beag maille ris an mór.

14 Méideocha an TIGHEARNA sibh ni sa mhó agus ni sa mhó sibh féin agus bhur cclann.

15 Is beannuigh sibh ón TTIGHEARNA noch do rinne neamh agus talamh.

16 Is leis an TTIGHEARNA, neamh, na neamha: agus thug sé an talamh do chloinn na ndáoine.

17 Ní mholuid na mairbh an TIGHEARNA, nó an lucht théid síos a nuáignios.

18 Acht beinnochaimne an TIGHEARNA ó núairsi súas agus go bráth. Moluidhsi an TIGHEARNA.