1 A tá an TIGHEARNA a ríoghacht; bíodh lúathgháire air an ttalamh; déanadh a niomad oiléun gáirdeachus.
2 Atá néulla agus dorchadus fa ccuáirt na thimchioll: fíréuntachd agus breitheamhnus is áit a chathaóir ríogha.
3 Téid teine roimhe, agus loisgfe sí a naimhde fa ccuairt na thimchioll.
4 Do shoillsigh a thinteach an domhan: do chonnairc an talamh sin, agus do chriothnuigh sé.
5 Do bhádar na sléibhte ar leaghadh amhuil céir air aghaidh an TIGHEARNA, ar aghaidh THIGHEARNA na talmhan uile.
6 Foillsighid na flaithis a fhíréuntachd, agus do chíd na daóine uile a ghlóir.
7 Go madh claóidhte bhéid síad uile noch do ní seirbhís díomháigh grábhálta, noch do ní íad féin aidhbhéil as iodhalaibh: cláonuidh sibh féin dó, a dhée uile.
8 Do chúaluidh Sion, agus do bhí lúathgháireach; do rinneadar inghiona Iúdah subhachus do bhrígh do bhreitheamhnuis, a THIGHEARNA.
9 Oír atá tusa, a THIGHEARNA, árd ós cionn na talmhan uile: atá tú ar hárdughadh go mór ós cionn na nuile dhée.
10 A dhream ler bionmhuin an TIGHEARNA, fúathuighesi an tolc: coimhéuduigh sé anmanna a náomh; sáoruidh sé íad as láimh an pheacaidh:
11 Do síoladh solus do nfíréun, agus lúathgháire don díreach a ccroidhe:
12 Lúathgháirighidh annsa TIGHEARNA, sibhsi a fhíréuna; agus moluidh cuimhne a náomhthachda.